Tuair na bliana

Chaitheas oícheanta fada ag grinneadh ar ghrúidil an tae

An tráth seo bliana caitear an-chuid dua féachaint cad é atá amach romhainn. Líontar na colúin le tairngreachtaí bíodh nach bhféachtar riamh ar ais ar na tairngreachtaí a déanadh anuraidh. Bí geall gurbh ar éigean go raibh ceann ar bith acu ceart.

Ní thuigeann aon duine an aimsir láithreach a mairimid ann anois, bítear fós ag troid faoin aimsir chaite d’fhonn í a chur ina cheart agus ní léir d’fháidh na bhfáidheanna cad tá i ndán dúinn. Mar sin, cé hiad na hiriseoirí seo a bhfuil fios na bliana romhainn acu, cé hiad na hachtúirí a bhfuil na billiúin á dtál gan allas acu ó na saontaigh, agus cé hiad na staraithe a shíleann gur bun lenar tharla cheana mar insint ar an spéir atá romhainn amach?

Níl aon tslí faoin spéir bhuí chéanna sin ar fháistine a dhéanamh le haon deimhne seachas na seanmhodhanna riamh. Chaitheas oícheanta fada ag grinneadh ar ghrúidil an tae, maidneacha níos faide ag faire ar ghluaiseacht na gcaorach ar an gcnoc, tráthnóntaí gan áireamh ag mionléamh ar phutóga an ghabhair bhaile agus doircheachtaí go déanach ag faire ar thriall na réaltaí ar thaobh eile na gealaí.

Ar deireadh, ní raibh sé chomh deacair sin iad a thuiscint, an té a léifeadh sa cheart iad. Thógas amach go mear an leabhar nótaí a bhíonn im phóca agam agus bhreacas síos go gasta a raibh i ndán don domhan mór san athbhliain nua seo a bhfuil smut di caite cheana féin agus síneadh sin na maidne dár ndúiseacht.

READ MORE

Níor Cholm Cille ná Nostradamus ná Stephen Arroyo go dtí seo iad. B’iad seo an fhírinne lom ar an oileán, agus ar oileáin eile.

Níor chuir sé oiread sin iontais orm gur tuaradh go dteipfeadh ar an rialtas Fianna Gaelach is go dtiocfadh rialtas Glasraí ina n-áit. Tar éis an tsaoil tá gach duine ar son an phláinéid a shábháil agus cén fáth nach vótáilfí ar son na nGlasraí chun na cruinne bige seo a theasargan do na glúnta atá romhainn a mbímid ag cuimhneamh orthu i gcónaí?

B’ait, leis, liom go ndéarfaí go dtógfaí leathmhilliún tithe do phobal na tíre agus do na teifigh a bhíonn ag iarraidh tearmainn anseo. Cheapas riamh go raibh greim daingean ag tionscal na tógála ar pholaiteoirí meata incheannaithe na tíre, ach thiocfadh breall a bheith orm arís, eile.

Chuir sé áthas an domhain orm a chloisint go mbeadh dochtúirí oilte agus múinteoirí gairmiúla na hÉireann ag filleadh ón Astráil agus ó Dhúbaí agus ó chríocha eile gan chríoch mar go mbeidh siad in ann maireachtaint anseo feasta gan chíos ar an mbraon anuas, agus aníos, agus gan an fliuchras ó thaobh na dtaobhanna ag gabháil steallaidh orthu riamh is choíche.

Fairis sin, gaisce faoi leith is ea go bhfeicfear deireadh na dtralaithe sna hospidéil agus tabharfar aire do chách is cuma bocht nó nocht nó an dá rud le chéile iad. An t-ospidéal náisiúnta do leanaí beidh tógtha faoi dheireadh chomh glan le biorán agus aire gan cháim á tabhairt do gach garsún is girseach a thagann an treo.

Agus chuir sé gliondar croí orm go scaoilfidh an Eoraip seo againne a mboltaí ceangailte crua ar ghlasa na ndúnphort ar gach cósta in aghaidh na dteifeach atá ag iarraidh bheith istigh a bheith acu agus iad ag lorg saol níos fearr ná an ceann a dheonaíomar dóibh sa bhaile. Nach dochreidte go bhfuil smut beag bídeach den Chríostaíocht beo fós? (Ach ná habartar sin os ard!).

Dúirt múinteoir liom sa bhunscoil fadó go raibh samhlaíocht thar fóir agam agus go scríobhfainn scéalta fantaisíochta fós nach mbeadh aon chuimilt acu leis an saol mar atá, ná an saol mar a bheidh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar