Ar thóir féiríní?

Agus an Nollaig ag druidim linn, shocraigh Tuarascáil liosta gnólachtaí a fheidhmíonn nó a dhíolann earraí trí nó le Gaeilge a chur le chéile

FOCLÓIR: Eidheann - Ivy; cuileann - holly; maisiúcháin - decorations; béile - meal; ciseáin bia - food hampers; gnólachtaí - businesses; buaiteoirí - winners; drioglann - distillery; úr - fresh; teach tábhairne - pub; úrscéal - novel; neamhspleách - independent.

Bia & Deoch

Pota Café: Tharraing Pota aird na meán agus mheall sé cáil an phobail i mbliana le léirmheasanna den scoth agus duaiseanna iomráiteacha buaite ag an bhfoireann. Athraíonn an biachlár ó lá go lá agus ó sheachtain go seachtain ag brath ar a bhfuil le fáil óna soláthraithe. Is féidir bualadh isteach nó béile a ordú arlíne, áit ar féidir ciseáin bia agus dearbháin a cheannach freisin. potacafe.com/siopa / potacafe@gmail.com / 085 756 6963

Tigh Chadhain nó Coynes Gastropub & Pantry: Suite i gCill Chiaráin i lár Ghaeltacht Chonamara. Tá thrí ghnó ar an láthair anseo, beár, bialann agus An Pantraí, siopa ina ndíoltar earraí áitiúila as Conamara agus na Gaeltachtaí eile ar fud na tíre. Eolas: coynesbar@gmail.com Fón: (095) 33409

Grá Chocolates: ‘Blas an tSonais’: Buaiteoirí sa chatagóir ‘Gnó ar Líne’ i gcomórtas Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021. Tá go leor earraí ar díol - féilirí aidbhinte, boscaí agus maisiúcháin ina measc. grachocolates.com

READ MORE

Drioglann Oileán Chléire: Réimse mór earraí - ina measc tá biotáillí ghinéive dá gcuid féin agus gloiní le sainchomhartha na drioglanna greanta orthu. capecleardistillery.com

Murphy’s Ice Cream: ‘Ag Cur Giota Binneas le do Shaol’ an manna atá acu. Cé nach maith leo uachtar reoite? Buail isteach ag an siopa ag 27, Sráid Cill Mhantáin, BÁC. Murphysicecream.ie/ga/

Four Provinces: ‘Beoir na nGael’ a thugann na húinéirí ar a gcuid beorach. Cloistear Gaeilge go minic sa teach tábhairne atá acu i gCamaigh, Baile Átha Cliath 6. fourprovinces.ie

Comhlacht Gleann an Chorrmhín (Corveen Glen): Cuireann comhlacht Aodh Ó Gallchóir atá lonnaithe i nDún na nGall réimse feola ar fáil gan níotráití, uisce breise ná craiceann. Sailltear an fheoil chun an blas is fearr a fháil. facebook.com/corveenglen/

Sliabh Liag: Bunaíodh Driogairí Shliabh Liag in 2017. Ó shin i leith tá siad tar éis biotáillí nua a dhriogadh. sliabhliagdistillers.com

Tigh Áine: Bialann agus dánlann i mBaile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí. Bíonn bia úr den scoth ón gceantar sa bhialann agus radharcanna den scoth máguaird. tigaine.com/ga/

Bréagáin

Litriocht.com: Leabhair, Cluichí boird & Míreanna Mearaí - ina measc tá Cluedo - Dúnmharú san Óstán, Monopoly as Gaeilge agus Focal Fada. litriocht.com

Glór na nGael: Díoltar cluichí Gaeilge, leabhair agus táirgí eile spraoi anseo. siopaudar.ie

Ealaín

Aoife Dowd: Is ealaíontóir tírdhreacha as Carna í Aoife Dowd agus bíonn sí ag obair le péint ola den chuid is mó. “Is í an inspioráid is mó atá agam ná tírdhreach na hÉireann agus bealach fiáin an Atlantaigh,” a dúirt sí le Tuarascáil. Déanann sí coimisiúin freisin. aoifedowdartist.com

Siopa An Carn: Bhunaigh Cumann Forbartha Charn Tóchair an siopa i mí Eanáir 2007 le saothar ceardaithe agus ealaíontóirí na tíre a chur chun cinn. Is féidir pearsantú a dhéanamh ar roinnt mhaith de na táirgí. siopaancarn.com/ga

Leabhair & Cártaí

An Ceathrú Póilí: Suite i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, is siopa leabhar neamhspleách é An Ceathrú Póilí. Tá réimse leathan leabhar agus earraí eile ar fáil. Anceathrupoili.com/ga/

Cló Iar-Chonnacht: Foilsitheoir fadbhunaithe atá lonnaithe sa Spidéal. Tá rogha mór leabhar ar fáil d’aon duine a bheadh ag iarraidh leabhar Gaeilge a cheannach mar bhronntanas Nollag. Ina measc i mbliana tá Ór agus Mil, úrscéal nua le Dave Duggan atá suite i gcathair Dhoire sa lá atá inniu ann. Cic.ie

Coiscéim: Ó bhéaloideas go seanchas, leabhair do dhéagóirí agus úrscéalta, tá rogha leabhair Ghaeilge ag Coiscéim. I measc na n-údair tá Thaddeus Ó Buachalla a bhuaigh gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na An Post Irish Book Awards lena leabhar EL i mbliana. coisceim.ie/

Dialann: Dialann Ghaeilge deartha ag Maresa Forde i gContae Laoise agus clóite i gCorcaigh. dialann.ie/irish-diary/

Éabhlóid: Foilsitheoir leabhair Ghaeilge atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus a dhíolann earraí eile le Gaeilge freisin. Tá 3 leabhar nua foilsithe acu le cúpla seachtain anuas, Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile leis an file aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Imram agus scéalta eile le Róise Ní Bhaoill agus Dóchas Pócas le Éilis Neary. Bhuaigh leabhar Ailbhe an cnuasach filíochta is fearr ag an Oireachtas i mbliana. eabhloid.com

Leabhar Breac: Comhlacht foilsitheoireachta é seo in aice leis an Spidéal i nGaeltacht Chonamara. I measc a gcuid leabhar tá ficsean, úrscéil ghrafacha, leabhair neamh-fhicsean, leabhair do dhéagóirí, filíocht agus drámaíocht. Leabharbreac.com.

Futa Fata: Foilsitheoir leabhar agus ceol é Futa Fata. I measc leabhar don Nollaig tá Codladh Sámh, Oíche Chiúin, Na Ríthe Beaga, Bithúnaigh Ghránna agus An Slipéar Gloine. Futafata.ie

Prints of Ireland: Heather agus Peter a bhunaigh Prints of Ireland chun saothar ealaíne spraíúil agus nua-aimseartha a chruthú chomh maith lena “ngrá don Ghaeilge a leathadh”. Tá priontaí ealaíne, málaí gualainne, cártaí agus féilirí ar díol acu. printsofireland.ie

Siopa.ie: Suíomh é seo atá lán le hearraí Gaelacha. Is féidir cúrsaí Gaeilge a chur in áireamh anseo freisin. siopa.ie

An Siopa Gaeilge - Gleann Cholm Cille: Tá féiríní Nollag ar fáil ón Siopa Gaeilge i nGleann Cholm Cille. siopagaeilge.ie / eolas@siopagaeilge.ie / 074 97 30500

An Mangaire Siúlach: Rogha leathan de leabhair Ghaeilge ar athdhíol – go leor acu as cló le fada agus gann dá bharr, go leor eile ar leath a luacha. facebook.com/anmangairesiulach1

Smaointe: Cártaí le beannachtaí as Gaeilge. Smaointe.com

Mireog: Cártaí, leabhair nótaí agus t-léinte le teachtaireachtaí agus manaí sna teangacha Ceilteacha orthu. Ga.mireog.ie

An Siopa Leabhar: Siopa Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Is féidir leabhair, dearbháin, féilirí agus go leor eile a cheannach ar líne nó is féidir iad a bhailiú. Siopaleabhar.com/ga/

Spórt

Seosamh Breathnach: Déantúsóir camán é Seosamh. Tá ceardlann aige ar láthair Na Fianna, club CLG ar Bhóthar Mobhí i nGlasnaíon. Bíonn an ceardlann ar oscailt Déardaoin agus Aoine 9-1ina, 2-5in agus maidin Satharn 9-12in. Facebook.com/hurleyfixer / Instagram ag @hurleyfixer.

Sólás na Mara: Ionad téarnaimh é Sólás na Mara atá suite ar Cé Helvic i nGaeltacht na Déise. Cuirtear leigheasanna traidisiúnta is chomhaimseartha ar fáil in éineacht le fisiteiripe, suathaireacht agus teiripe scéimhe. Solasnamara.ie

Óga Yoga: Ag Múineadh Yoga & Aireachais i nGaelscoileanna ó 2012 ar aghaidh. ogayoga.ie/ga/

Ceol

Gael Linn: Tá leabhair, dlúth dhioscaí, DVD-anna, áiseanna teagaisc agus a thuilleadh ar fáil anseo. Siopa.gael-linn.ie

Mada Rua Píoba Uilleann: Píoba uilleann lámhdhéanta ag Aodán (Jaff) Mac Séafraidh leis na hábhair thraidisiúnta is fearr, agus déanta ar ordú le riar ar riachtanais lucht foghlama agus píobairí oilte déanta araon. Irishpipes.org

Éadach

An Spailpín Fánach: Gnó lán-Ghaelach é seo. Tá t-léinte, geansaithe, seaicéid, hataí agus t-léinte do chách chomh maith le féiríní agus clúdaithe éadan ar díol. Spailpin.com/ga

Buachaill.com: Is féidircuairt a thabhairt ar an suíomh agus a ngnó ar fad a dhéanamh i nGaeilge. Tá ainmneacha gach táirge i nGaeilge m.sh. Bun Dearg, Trí, Cúig, Seachtain, Nollaig agus araile. Buachaill.com/ga

Clodafoto: Is dearthóir agus ealaíontóir í Clodagh Nic Fhionnlaoich agus tá ‘téip washi’, priontaí agus greamáin ar fáil ag etsy.com/shop/clodafoto

Eile

Siopa Macha: Gach cineál earra ar fáil anseo ó chluichí boird, éadach go smidiú, stocaí agus araile. siopamacha.com

Turas: Cupáin agus táirgí eile ó oirthear Bhéal Feirste. musicglue.com/east-belfast-mission/shop

Rí na Mara: Smideadh agus táirgí eile. rinamara.com

Cabhair d’ghnólachtaí

Baile Átha Cliath le Gaeilge: An bhfuil tú réidh an chéad céim a ghlacadh an Ghaeilge a úsáid i do ghnó? Tacaíonn BÁC le Gaeilge le gnólachtaí chun an Ghaeilge a úsáid go laethúil. baclegaeilge.ie

Cill Dara le Gaeilge: Scéim tacaíochta do ghnólachtaí sa chontae ar mian leo a ngnó a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge. cilldaralegaeilge.ie

Gaillimh le Gaeilge: Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe mar acmhainn eacnamaíoch, i gceantar na Gaillimhe. Cuirtear seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil do ghnólachtaí ar mhaith leo an teanga a úsáid. gleg.ie

Gnó Mhaigh Eo: Tacaíocht agus spreagadh d’earnáil an ghnó i Maigh Eo. Cuirtear tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí an teanga a úsáid. gnomhaigheo.ie/ga/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.