Ag síneadh is ag crapadh

B’éigean dom mo chuid méara fara laidhricíní mo dhá chos a chur ag obair go gasta.

Is mó sin tuairim bhuile a scaiptear go forleathan is a shlogann an mórshlua. An lá go bhfuair an bhanríon Éilís II Shasana (agus a tíortha agus a cuid fearann uile go léir in iarsma na sean impireachta) bás, thosnaigh inneall cumhachtach milis sleamhain na Breataine ag séisghabháil go mbeadh 4 billiún duine ag féachaint ar a sochraid. Phreabas de gheit ar chlos an fhigiúir sin dom, óir b’ionann é agus breis is leath an chine dhaonna. Cad as a fuair siad an figiúr sin? Amach as an bpoll céanna a tharraing baincéirí na hÉireann a cuid figiúr chun dallamullóg a chur ar na húdaráis fiosraithe abhus.

B’éigean dom mo chuid méara fara laidhricíní mo dhá chos a chur ag obair go gasta. Dob fhéidir an tSín agus formhór de thíortha na hÁise a chur as an áireamh láithreach. Is beag ar fad an t-eolas ná an tsuim atá ag pobail na stainíní, an Chirgeastáin, an Chasacstáin agus eile, gan trácht ar dhaoine a bheith ag gliúcaíocht ar theilifíseáin in yurtanna Ulaanbaatar. Tharlódh go raibh suim bheag dhiúltach éigin i measc aicmí saibhre na hIndia ar mhaithe le sean aigne, líon suarach daoine, ach léirigh íomhánna satailíte gur ag siúl na sráideanna ina milliúin ag bhí pobail Delhi, Mumbai, Kolkata, agus cathracha móra eile na tíre.

Na dúichí Arabacha go léir, stáit Fhrancbhácha na hAfraice, Meiriceá Theas Laidineach mar a ritheann ó thuaisceart Mheicsiceo go heireaball Tierra del Fuego ó dheas, ní rabhadar dlúthcheangailte le teann asarlaíochta don scáileán. Cumadóireacht ghlan bhréagach ba ea an figiúr sin a d’oir don scéal go raibh an ghrian fós ag taitneamh ar an impireacht.

Ar an gcuma chéanna is lán ait liom tráchtairí ag fógairt go neamhbhalbh gurb é an cogadh idir an Rúis agus an Úcráin an chéad chogadh ar ilchríoch na hEorpa ó dheireadh an dara chogaidh mhóir. An amhlaidh go bhfuil dearmad glan déanta ar an uafás a tharla nuair a bhí an tsean Iúgslaiv ag díscaoileadh ar feadh deich mbliana ar a laghad? Lena linn sin bhí cathracha á leagadh, campaí géibhinn á n-oscailt, airm ag gluaiseacht istoíche is isló, glanadh eitneach agus díothú pobail á chleachtadh.

READ MORE

An t-athrú a déanadh ar léarscáil na hEorpa de dhroim an chogaidh sin ní raibh ann ach ceann amháin eile de na hathruithe iomadúla a chuaigh ar chríocha na hEorpa leis na céadta bliain. Gabh in airde ar do chairpéad draíochta ama ar feadh meandair agus gluais siar sealad beag gairid go dtí an 17ú haois. Is ann a chífidh tú Coróin na Boihéime ag glacadh le sciar mór den Ghearmáin mar atá anois, tá an Ungáir an-bheag cé gur déanadh impireacht di ina dhiaidh sin, an Veinéis ag craobhadh isteach siar ón gcathair uisciúil féin, Savoy ar mó go mór ná sraith de phictiúrlanna atá ann, líon níos fairsinge saighdiúirí ag Stáit an Phápa ná mar a bhí nuair a d’fhiafraigh Stalin cé mhéid briogáidí a bhí aige, mathún mór den impireacht Otamánach is a chrúcaí aige ar oirthear na hEorpa, comhfhlaitheas na Polainne agus na Liotuáine ina shuí go daingean ar thailte dúchais na Rúise.

Níl rud ar bith beannaithe mar gheall ar theorainneacha críche. Bíd ag síneadh is ag crapadh de réir gabháltas agus conraí réitigh a leanann. Tá siad chomh claochlaitheach le hintinn pholaiteora a fhaigheann boladh na cumhachta. Ní aithneodh Oisín ná Rip Van Bhincil féin leagan amach an domhain anois dá mbeidís beo ag tús na haoise seo caite.

Dá olcas is dá ghránnacht é ionsaí na Rúise ar an Úcráin, pé toradh nach mbeidh air beidh athrú teorainneacha á leanúint.

Agus i gceann céad bliain eile amach anseo beidh crot eile fós ar léarscáil na hEorpa.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar