Oideachas lán-Ghaeilge: Gá le feachtas náisiúnta chun teaghlaigh ilteangacha a mhealladh

Is eol ón taighde nach mbeidh foghlaimeoirí a bhfuil teanga mhionlaigh acu faoi mhíbhuntáiste sa mhórtheanga

Foclóir: Cainteoirí ilteangacha - multilingual speakers; ionadaíoch - representative; ábhar imní - casue for concern; rannpháirtíocht - participation; tumoideachas - immersive education; bunús - basis; buntáistí - benefits; géarghá - urgent need.

Tá an éagsúlacht teanga agus chultúrtha in Éirinn méadaithe go mór le deicheanna de bhlianta anuas agus is tír ilteangach agus ilchultúrtha í sa lá atá inniu ann. Cothaíonn an tsochaí ilteangach seo deiseanna úra d’athneartú na Gaeilge agus don oideachas trí mheán na Gaeilge i measc cainteoirí ilteangacha.

Meastar go labhraíonn breis is 10 faoin gcéad de pháistí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla teanga sa bhaile atá éagsúil ón mBéarla agus ón nGaeilge i gcomparáid le níos lú ná 2 faoin gcéad de pháistí a freastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Is léir nach bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ionadaíoch go fóill ar an éagsúlacht teanga agus chultúrtha atá sa phobal agus is ábhar imní é seo do phobal an oideachais lán-Ghaeilge.

READ MORE

Cad chuige nach bhfuil teaghlaigh ilteangacha ag roghnú an oideachais lán-Ghaeilge dá gcuid páistí? Ar an gcéad dul síos, cuireann an ró-éileamh atá ar scoileanna lán-Ghaeilge i gceantair áirithe srian le rannpháirtíocht teaghlach sa chóras. Ní gá go mbeadh eolas ag gach tuismitheoir faoin oideachas lán-Ghaeilge nó faoi na buntáistí féideartha a bhaineann leis an tumoideachas.

D’fhéadfadh leisce a bheith ar thuismitheoirí ilteangacha an t-oideachas lán-Ghaeilge a roghnú dá bpáistí mar gheall go bhfuil siad buartha faoi bhéim a leagan ar an nGaeilge níos mó ná an Béarla. D’fhéadfadh tuismitheoirí a bheith buartha chomh maith nach mbeidh siad in ann tacú lena gcuid páistí agus iad ag foghlaim trí mheán na Gaeilge.

Tá bunús láidir taighde idirnáisiúnta ann a thugann le fios, áfach, go mbaineann foghlaimeoirí a labhraíonn teanga mhionlaigh sa bhaile, is í sin teanga atá éagsúil ó mhórtheanga an phobail, an-rath as cláir thumoideachais.

Is eol dúinn go cinnte ón taighde nach mbeidh foghlaimeoirí a bhfuil teanga mhionlaigh acu faoi mhíbhuntáiste sa mhórtheanga nó in ábhair acadúla de bharr a bheith ag freastal ar chlár tumoideachais.

Is minic go mbíonn buntáistí ag foghlaimeoirí ilteangacha agus iad ag foghlaim teangacha breise agus d’fhéadfadh an tumoideachas a bheith an-oiriúnach d’fhoghlaimeoirí ilteangacha mar go mbíonn oideolaíochtaí an tumoideachais ag freastal ar fhoghlaimeoirí an dara teanga.

Taighde

Tá tionscadal taighde maoinithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus curtha i gcrích ag SEALBHÚ, Lárionad taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, a dhírigh ar dhearcthaí tuismitheoirí agus páistí ilteangacha ar an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Dhírigh an taighde ar theaghlaigh inár labhair tuismitheoir amháin ar a laghad teanga bhaile nach Gaeilge nó Béarla í. Reáchtáladh agallaimh le tuismitheoirí agus grúpaí fócais le páistí le sonraí a bhailiú.

Bhí tuismitheoirí ilteangacha ó sé scoil lán-Ghaeilge agus dhá scoil Ghaeltachta páirteach sa taighde agus eagraíodh grúpaí fócais le páistí ilteangacha i 5 scoil lán-Ghaeilge.

Tháinig sé chun solais sa taighde go raibh tuismitheoirí ilteangacha ag roghnú an oideachais lán-Ghaeilge dá gcuid páistí mar gheall ar na buntáistí a bhaineann le foghlaim teangacha breise agus le buntáistí an ilteangachais i gcoitinne.

Nasc tuismitheoirí agus páistí ilteangacha araon, foghlaim na Gaeilge agus an t-oideachas lán-Ghaeilge le buntáistí foghlama teanga, buntáistí oideachasúla, eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha an ilteangachais.

Cheap tuismitheoirí agus páistí ilteangacha go raibh níos mó deiseanna acu mar gheall ar an tumoideachas agus gur bhain luach cultúrtha le bheith ag foghlaim na Gaeilge agus le bheith ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge.

D’inis páistí ilteangacha a ghlac páirt sna grúpaí fócais dúinn gur bhain feidhm agus tairbhe le gach teanga a bhí ina stóras teanga acu a d’áirigh Gaeilge, Béarla agus réimse teangacha baile.

Níor tháinig dúshláin shuntasacha do theaghlaigh ilteangacha sa chóras lán-Ghaeilge chun cinn sa taighde áirithe seo.

Cuireadh cur chuige ionchuimsitheach i bhfeidhm sna scoileanna a leag béim ar dhearcadh dearfach na dtuismitheoirí i leith na Gaeilge agus i leith an tumoideachais seachas ar chumas tuismitheoirí sa Ghaeilge.

Níor mhothaigh tuismitheoirí go raibh cumas sa Ghaeilge de dhíth orthu le bheith rannpháirteach in oideachas a gcuid páistí.

Tháinig sé chun cinn gur i líon beag cásanna nuair nach raibh Gaeilge nó Béarla mar theanga bhaile ag an teaghlach gur cuireadh na páistí chuig scoil lán-Ghaeilge mar nach raibh spás ar fáil dóibh i scoil a raibh an Béarla mar mheán teagaisc inti.

Sna cásanna áirithe seo mhínigh gach tuismitheoir go raibh ról cinniúnach ag an bpríomhoide nó ag múinteoir, iad a chur ar a suaimhneas maidir lena gcinneadh a bpáiste a chur chuig scoil lán-Ghaeilge. Léirigh tuismitheoirí agus páistí ilteangacha ardleibhéal sástachta leis an oideachas lán-Ghaeilge i gcoitinne.

Tuairisc

Tá tuairisc ar an taighde le foilsiú ag COGG go luath. Molaimid sa taighde gur gá feachtas náisiúnta a chur ar bun lena fógairt go bhfuil fearadh na fáilte roimh pháistí ilteangacha sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Is gá eolas taighde-bhunaithe a roinnt leis an bpobal faoi fheiliúnacht an tumoideachais do pháistí a bhfuil cúlraí éagsúla teanga agus cultúir acu.

Ní mór an scéal a scaipeadh nach gá go mbeadh Gaeilge nó Béarla mar theanga bhaile ag páiste go mbainfidís rath as clár tumoideachais. Ar aon dul leis an gcleachtas idirnáisiúnta sa tumoideachas, tá géarghá aistriú ó dhearcadh dátheangach Gaeilge/Béarla ar an tumoideachas lán-Ghaeilge chuig dearcadh ilteangach a áiríonn agus a thacaíonn le héagsúlacht teanga agus chultúrtha inár scoileanna agus inár bpobal.

Téann sé chun leasa do gach foghlaimeoir nuair a áirítear réimse teangacha agus cultúir ar scoil. Spreagtar fiosracht faoi fhoghlaim teangacha chomh maith le meas ar éagsúlacht teangacha agus cultúir. Níl cur chuige aonteangach nó aonchineálacha le moladh do scoil ar bith.

Tá treoir phraiticiúil ar fáil sna háiseanna tacaíochta do Churaclam Teanga na Bunscoile bunaithe ar an obair cheannródaíoch atá déanta ag an Dr Deirdre Kirwan a thacódh le scoileanna cur chuige ilteangach a chur i bhfeidhm.

Spreagann cur chuige ilteangach próifíl feiceálach d’éagsúlacht teanga agus chultúrtha i dtimpeallacht na scoile.

Moltar páistí a spreagadh le heolas a roinnt óna dteangacha baile agus go dtabharfaí tacaíocht d’úsáid teangacha baile ar scoil. Tá sé ríthábhachtach comhionannas deiseanna maidir le rochtain ar an oideachas lán-Ghaeilge a chinntiú do gach foghlaimeoir ag leibhéal an stáit.

Tá géarghá le breis scoileanna lán-Ghaeilge go mbeidh an t-oideachas lán-Ghaeilge mar rogha ag gach clann agus sa chaoi is nach mbeidh buntáistí an tumoideachais á gceilt ar aon pháiste.

· An Dr Aisling Ní Dhiorbháin, Scoil na Teanga na Litearthachta agus an Oideachais Luath Óige, Institiúid an Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath