Dár mealladh isteach

Abraimis, d’fhonn go díreach ar son spraoi an scéil, inneall mór mileata impireacht na Róimhe.

Agus anois, i láthair na huaire go bhfuil an saol fillte ar a ais go socair tar éis don chruinne a bheith ina lánstad le breis agus seachtain anuas nuair a bhí na réaltaí reoite ar an spéir, smúid ar an ngrian is ar an ngealach, nuair a luigh an leon síos leis an uan gan a chuid fiacla a shá ann, gur thosnaigh an t-eidhneán ag fás ar an gcrann silíní, gur tháinig ceol chun an phréacháin bháin, go raibh na dreoilíní ar maidin ar fhuinneoga ag damhsa ríl, gur ghluais na haibhneacha ar ais go barra na sléibhte, gur thit an samhradh siar isteach sa gheimhreadh, gur thuirling sneachta i lár an Sahara, gur shiúil na míolta móra ar an talamh, go raibh coiníní ar maidin ar meisce tar éis brandaí a ól agus gur chrith an domhan go léir ó bhonn go forscreamh ar an nóiméad cinniúnach, anois go bhfuilimid arís beo san aonú haois is fiche, is féidir aghaidh a thabhairt ar mhór agus ar mhioncheisteanna eile a bhí dár gcrá le tamall roimhe sin.

Is í ceist de na mioncheisteanna sin, gur cheart admháil fhaoistiniúil a dhéanamh go rabhamar go lánpháirteach in impireacht na Breataine go toildeonach. Ba chuid de choncas na himpireachta sinn, bhíomar comhpháirteach sna hionsaithe a rinne an Bhreatain ar lán gach ceann de na tíortha ar dheineadar ionsaí orthu. Nó sin port atá ag sleamhnú isteach i ndioscúrsa na cabaireachta le déanaí idir ailt, aistí agus go fiú, leabhair.

Tá cúltuiscint laistiar de sin, má tá na críocha ar déanadh concas orthu ag éirí dána ina meon arís ag éileamh creach a goideadh uathu a thabhairt ar ais dóibh agus má tá staraithe dúchais ag léiriú le mórthaighde an dochar a rinne an coilíniú, gur cheart dúinne náire a bheith orainn chomh maith.

Sula n-iarrtar an sacéadach agus an luaithreach, áfach, agus sula gcuirtear fios ar na léinte róin agus ar an bhfoireann fuipeanna, ba cheart moill bheag a dhéanamh ar tús, agus ansin an tuairim bhuile bhréagach sin a chaitheamh isteach sa chlais is íochtaraí i bpoll tí liabáin.

READ MORE

Abraimis, d’fhonn go díreach ar son spraoi an scéil, inneall mór mileata impireacht na Róimhe. B’ann a bhí saighdiúirí as an Afraic, as Hispana, Gallia, Germania, Raetia, Noricum, Batavia, Thrace gan ach an beagán a lua, ach ar chúis éigin tugtar arm na Róimhe fós air.

Gan trácht ar arm mór impireacht na Fraince ón gCorsaiceach beag Napolean i leith, bhí Léigiún Eachtrannach na Fraince comhdhéanta de thíortha uile na hEorpa agus baill níos faide ó dheas agus soir. B’iad a dhein go leor d’obair shalach na tíre ach ar éigean go mbeidh Polannaigh ná Seirbigh ná Spáinnigh ag iarraidh creidiúna ná milleáin dá dheasca.

Breis agus dhá mhilliún Indiach a throid in arm na Breataine, líon agus céatadán i bhfad níos mó ná méid na nÉireannach ach iad a shíneadh fad gach n’fhad ó reilig go cill. Ar a shon sin, níl aon duine san Ind ag maíomh go raibh siad ciontach ina dtráilleacht féin.

Is é lom fuildhearg na fírinne go raibh arm gach impireachta riamh anall comhdhéanta d’amhais, de choinscríofaigh, de dhaoine díomhaoine, de lucht an ocrais, d’fhir gan obair, d’ógánaigh ar a seans agus ó am go chéile de bheagán a ghéill do ghlóire agus do chúis an impire. Ní haon nuacht dúinn go raibh cine Gael mar sin, leis.

An lucht ceannais, áfach, an mhuintir a dháil amach na horduithe, an dream a thuill an saibhreas ó chreach agus éadáil na gconcas, ba Bhriotanaigh, Fhrancaigh, Rómhánaigh, Pheirsigh agus eile go craosach iad siúd.

Sin an fáth nach rabhamar inár gcomhpháirtithe in impireacht na Breataine.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar