Príomhfheidhmeannach nua ainmnithe ar Údarás na Gaeltachta

Cuirfidh Tomás Ó Síocháin tús lena théarma conartha i mí na Nollag

Tá Tomás Ó Síocháin ainmnithe ag Bord Údarás na Gaeltachta mar phríomhfheidhmeannach nua ar an eagras.

Áisíneacht stáit is ea Údarás na Gaeltachta atá freagrach as forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn.

Glacadh leis an ainmniúchán “d’aon ghuth” ag cruinniú príobháideach de Bhord Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo, a dúirt ráiteas a d’eisigh Údarás ar maidin.

Tagann Ó Síocháin as Co an Chláir ó dhúchas agus tá sé ina chónaí i mBearna, i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá sé ina phríomhfheidhmeannach ar Choimisiún Forbartha an Iarthair ó 2018 agus roimhe sin, chaith sé tréimhse ag obair mar bhainisteoir in Ollscoil na Gaillimhe, áit a raibh sé ag plé le forbairt réigiúnda na hollscoile. Bhí sé ag obair le TG4 agus RTÉ mar eagarthóir agus mar iriseoir ar feadh 14 bliain.

READ MORE

Tagann sé i gcomharbacht ar Mhícheál Ó hÉanaigh, ar tháinig deireadh lena théarma mar phríomhfheidhmeannach le gairid.

Ag tréaslú le hÓ Síocháin dúirt cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair: “Tá ról lárnach ag an Údarás i bhforbairt agus i gcur chun cinn na Gaeltachta agus beidh de chúram ar an phríomhfheidhmeannach nua, i gcomhar leis an mBord, stiúir a thabhairt don obair thábhachtach atá idir lámha ag an eagraíocht. Rachaidh an taithí leathan agus an méid atá bainte amach aige i róil shinsearacha go mór chun sochair do phobal na Gaeltachta agus don teanga sa tréimhse amach romhainn.”

Cuirfidh an príomhfheidhmeannach nua tús lena théarma conartha ar an 7 Nollaig. Go dtí sin beidh stiúrthóir seirbhísí corparáideacha Údarás na Gaeltachta, Colm Ó Coisdealbha, ag gníomhú mar phríomhfheidhmeannach eatramhach.