Geit na geite

Seanpháipéir scrúdaithe na hardteistiméireachta is ea a bhí iontu.

‘Sé 120 suim na n-ocht dtéarma tosaigh de shraith choimbreise agus is é 29 an t-ochtú téarma. Faigh an chéad téarma, an chomhdhifir agus suim an chéad n téarma.’

Tá sé ceart go leor, nílim imithe glan bán dearg as mo mheabhair. Tharla go rabhas ag snámh tríd an raingléis pháipéir atá ag tachtadh seomra dem chuid an lá cheana, agus go glanseansúil ar fad tháinig mé ar charn scríbhinní a raibh ábhar suimiúil ina measc, mar a bhíonn. Ba cheart go mbeadh díbeartha fadó, ach ar nós gach cnuasaitheora gan dealramh (agus ní mise is measa) coinnítear stuif ar dóigh leat go dtiocfaidh sé áiseach lá níos sia anonn.

Seanpháipéir scrúdaithe na hardteistiméireachta is ea a bhí iontu. Agus ní seanpháipéir de shaghas ar bith bailithe go neamhthuairimeach iad, ach na seanpháipéir a dheineas féin féinig féineach sa bhliain 1965, a gcúinní ina seasamh in airde ag bagairt orm le drochchuimhne, iad smeartha agus críon le haois.

Abair gur baineadh geit asam! Ní hea amháin nár chuimhin liom oiread is ceist ar bith díobh in aon pháipéar ar bith, ach ní bheinn ábalta ar dhrannadh le tús a chur ar imeall na fáithime de fhreagra a cheapadh im chloigeann. An cheist thuas, smut den dara ceist ar an bpáipéar ailgéabair pas, ceann de na ceisteanna sin a chuirtí ionas go dtiocfadh na cloigne gan ailgéabar slán ar éigean.

READ MORE

‘Tabhair cuntas ar shaintréithe gach ceann de thrí cinn de na mogallraí seo leanas agus i ngach ceann díobh inis cén cuspóir is fearr a bhfeileann an mogallra sin dó: Sanson, Gall, an Mogallra Cruiceogach le dhá chomhthreormhar bhunaidh, Mercator, An Mogallra Buacach Comhfhaid’.

Dar duach! Níl tuairim agam. Ach caithfidh gur fhreagraíos í mar cheist, óir tá tic curtha agam léi, ach an oiread le cinn eile ar bhaineas triail astu.

Chuireas Laidin ar ‘Nuair a chualamar go raibh an namhaid ag cúlú i dtreo na farraige chuireamar trí chohórt chun ionsaí a dhéanamh orthu ó chúl,’ agus dheineas aistriú ar ‘Videtisne ut apud Homerum saepissime Nestor de virtutibus suis praedicet….’ agus mar sin de.

Is léir gur teip náireach gar don ghrinneall a gheobhainn dá suífinn na páipéir sin ar fad arís. Déarfainn gurb é an dála céanna agatsa é.

Seanscéal anois é an fuadar agus an foilsceadh a bhíonn ar na daltaí nuair a thagann na torthaí amach, mar a tharla an Aoine seo caite arís. Is é is dóichí go mbeidh cuimhne éigin ag a bhformhór ar chuid de na freagraí a sholáthraíodar cúpla mí ó shin, ach gur ag dul i ndearmad a bheidh siad de réir mar a ghluaiseann na seachtainí ar aghaidh.

Is í an cheist mhór a leanann, cad í an mhaith córas scolaíochta nó scrúdaithe ar bith nuair a ghabhann formhór an eolais a shealbhaítear le hallas agus le pian i ndíchuimhne nach mór ar fad tar éis aga ghairid aimsire? Cén fáth go léifeá leabhar ar bith, nuair nach mbeidh ach meabhair dhoiléir theimhneach agat air nuair a leagann tú uait é? Mura bhfuil san aigne ach criathar, cén leas é dua a chaitheamh le haon rud ar féidir teacht air sa chiclipéid sheanfhaiseanta nó i dtaisce an uasail Google féin?

Is amhlaidh gur eispéireas is ea an t-oideachas, ar nós leabhair a léamh. Is é is tábhachtaí ná gur ghabh tú tríd. Bhí tú ann. Mhair tú ar feadh tamaill i dteannta le mogallra Marcator, le Mac an Bheatha, le dronuilleacha is le géaruilleacha, leis an gcogadh tríocha bliain, le cruthanna dronchruiceoige, le hAogán Ó Rathaille, le tionscal gloine na hÉireann, le Cicearó agus le Clodius, le turraingí leictreacha, le sraitheanna coimbreise féin.

Is fearrde tú gach uile phioc de.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar