An tine i ndorchadas na ceárta

Ba phearsa lárnach an gabha i saol an phobail tuaithe a chuir go mór le slí mhaireachtála na ndaoine.

Foclóir: Ceol na hinneonach – music of the anvil; matóg - billhook; deimheas - shears; ag bideán - gossiping; ag allagar – disputing; An Chorrchoill – Prosperous; Cross na mBrocach – Brockagh Cross; rófhaiteach – too shy; callán – noise; drithlíní -sparks; duaisiúil – distressing, bruithniú - smelting. forimeall/forimill - wheel band/s.

Ar na saolta seo tá ceártaí gaibhneachta chomh tearc leis an traonach faoin tuath. Níl fágtha mar iarsmaí i ndiaidh na gceardlanna ealaíne seo ach corrfhoirgneamh a bhfuil cruth crú capaill ar a éadan. A mhalairt a bhí fíor sa sean am agus fiú go dtí deireadh na 1950idí.

Ba bheag baile, sráidbhaile nó crosbhóthar nach mbíodh ceol na hinneonacha le cloisteáil nó cith drithlíní le feiceáil ag éirí as an tine i ndorchadas na ceárta. Ba amhlaidh sin é leis na céadta bliain roimh theacht na meaisíní a chuir tús leis an Réabhlóid Thionsclaíoch.

Ba phearsa lárnach an gabha i saol an phobail tuaithe a chuir go mór le slí mhaireachtála na ndaoine. Bhíodh ardmheas riamh air sa chultúr dúchais , a bhuí dá scileanna gaibhneachta agus dá bhuanna pearsanta chun comhairle a chur ar mhuintir na háite. Mar fhear leighis, chomh maith, thuill sé clú dó féin mar bhí sé in ann daoine agus ainmhithe a leigheas.

READ MORE

Ba cheird í an ghaibhneacht a raibh fréamhacha doimhne aici i stair na hÉireann. Go deimhin, bhí trácht ar Ghoibhne, gabha na Tuatha Dé Danann sa tseanlitríocht mar ba é a rinne airm dá laochra. Dar leis, dá scoiltfí sleán, dá roinnfí lann, dhéanfadh sé sleán agus lann ina n-áit. Bhí na gaibhne a rinne na pící in 1798 ag coinneáil leis an traidisiún ársa seo de chuid na gCeilteach.

San am a caitheadh, d’fhéadfadh máistirghabha earraí iarainn de gach saghas a dhéanamh. Don fheirm rinne sé rámhainní, iarann céachtaí, sluaistí, sleánta, foirc, tuanna, spealanna, matóga, corráin, geataí; foirimill iarainn do charranna capall agus go leor eile uirlisí feirme. Do bhean an tí, rinne sé ní hamháin potaí ach gridillí, coinnleoirí, iarann-tine, sceana, foirc, siosúir, deimhis, snáthaidí, chomh maith le glais, boltaí, raspaí, bacáin, scriúnna, tairní agus barraí fuinneog chun an teach a fheistiú.

Gan na hearraí seo, bheadh saol na seandaoine i bhfad níos boichte agus bheadh anró an tsaoil níos déine orthu. Ceann de na píosaí oibre ba thábhachtaí agus ba choitianta a bhíodh le déanamh ag an ngabha d’fheirmeoirí ná crúite a dhéanamh agus a chur faoi chapaill nó faoi chapaillíní.

Agus de bharr go mbíodh éileamh seasta ar a chuid scileanna ní raibh an cheárta folamh riamh mar bhíodh fir ag bualadh isteach chuige chun obair a chur á déanamh, agus chun comhrá lena chéile agus leis an ngabha.

Ba mhinic iad ag scéalaíocht, ag béadán agus ag allagar faoi pholaitíocht, peil agus cúrsaí feirme . Go deimhin, ba í an cheárta a chéad-fheidhmigh mar chlub d’fhir thuaithe na hÉireann

Is cuimhin liom go rímhaith mar ghasúr aon bhliain déag d’aois mo chéad turas chuig an ngabha sa Chorrchoill, i gContae Chill Dara. Bhí mé i mo chónaí mar bhuachaill aimsire ar fheirm bheag ag Cros na mBrocach trí mhíle ón gceárta. Chuir máistir an tí de chúram orm an capaillín, Peig, a thabhairt ann le go gcuirfí crúite nua fúithi.

B’ainmhí deas séimh í a raibh gean ar leith agam uirthi ó bheith ag obair le chéile timpeall na feirme nó ag tarraingt mhóna ón bportach. Agus an capaillín ar adhastar agam shiúil mé go dtí an cearta.

Nuair a shroich mé an cheárta bhí baicle bheag fhear taobh istigh ag comhrá lena chéile. Toisc go raibh an gabha sáite ina chuid oibre bhí mé rófhaiteach cur isteach air. I ngeall ar sin, fágadh i mo staic mé ag féachaint air.

Cé gur tharla an eachtra seo níos mó ná seasca bliain ó shin ní dhéanfainn dearmad choíche ar an radharc a bhí romham. Bhodharaigh an callán ó chleaingeáil an chasúir ar an inneoin mo chluasa agus bhain na drithlíní ón tine amharc na súl díom. Bhí fear eile ag oibriú na boilge a shéid na splancacha beaga fadeireaballacha arbh iad an t-aon solas laistigh.

Thar aon ní eile chuir an boladh bréan isteach orm go mór agus géaraíodh ar an mboladh nuair a scuab an fear cabhrach aoileach na gcapall ar leataobh.

Bhain an gabha píosa iarainn dearg te amach ón tine an-sciobtha agus thosaigh sé á bhualadh timpeall ar an inneoin a raibh cruth aonbheannaigh uirthi chun crú a snoigh as an miotal.

Tar éis roinnt casúireachta thum sé an crú isteach in umar uisce chun an t-iarann a fhuarú agus má dhein, tháinig giosáil uaidh. Ansan agus é ar scaradh gabhail ar chos an chapaill leag sé an crú te ar an gcrúb.

A luaithe a rinne chualathas siosarnach friochta agus d’éirigh gal bhán ón gcrúb a raibh fuarbholadh uaithi. Ar deireadh, agus casúr níos lú á usáid aige bhuail sé na tairní isteach sa crú go héadrom.

B’ábhar iontais domsa nach raibh gíog ná míog as an gcapall le linn an ama. Ach nach bhfuil sé amuigh ar an ngabha go raibh súil ghéar aige!

B’éigean dom m’uain a chur isteach ar nós gach duine eile. Bhí an lá ag gabháil ó sholas sula raibh na crúite nua curtha faoi Pheig bhocht. D’éirigh mé an-bhuartha faoin turas fada abhaile sa dorchadas gan ach tóirse agam chun eolas na slí a thabhairt dúinn.

Bhí eagla an domhain orm go scanrófaí Peig agus go n-imeodh sí chun scaoill agus nach mbeinn in ann smacht a choimeád uirthi. Ba mhó an faoiseamh dom go mbíodh muinín aici ionam agus gur fhan sí liom agus í ar adhastar ar fad an aistir dhuaisiúil sin sa chlapsholas. Ina ainneoin sin bhí m’anam i gcúl mo dhoirn agam go dtí gur bhaineamar clós an tí amach. Ach bhuail ísle croí mé, ámh, nuair a cuireadh fáilte an doichill romhainn agus nuair a rinneadh beag is fiú dár ngaisce.

Ritheann sé liom gur saghas gabha eile é an scríbhneoir, freisin: gabhafhocail a bhíonn i mbun a ceirde ach ní le hiarann crua ach le Gaolainn le dua. Is i gceárta na cruthaitheachta a mhúnlaíonn sé an teanga le buillí an phinn ar inneoin an pháir nó i bhfoirnéis bhruithnithe an mhéarchláir chun an téacs a ionramháil chun a leasa féin.

Is as allas a mhalaí agus le scil don teanga a théann sé ar thóir na nathanna cruinne chun dul i gcion ar mheon an léitheora. Ní fheadair cé acu a thochlaíonn níos doimhne agus níos glaine – spád an ghabha nó peann an scríbhneora?