Saoirse cainte

Bain an screamh mhín bhladair anuas agus nochtfar na constaicí go grod.

D’fhoilsigh an Gúm cnuasach filíochta le Peadar Ó Doirnín a chuir Seán de Rís in eagar go slachtmhar sa bhliain 1969 agus fágadh cuid de na dánta ba tháscúla leis ar lár. Ina measc siúd bhí ‘Mná na hÉireann’ a thuill cáil mar amhrán amach ó shin. Bhí, de dhealramh, rógháirsiúil do léitheoirí na linne sin bíodh go raibh sé go breá do spádmhuintir Oirialla le cúpla céad bliain roimhe sin.

Chuir an bord cinsireachta cosc le haistriúchán Frank O’Connor ar ‘Cúirt an Mheán Oíche’ cé go raibh an leagan Gaeilge de ar fáil i gcónaí agus go raibh sé ar bhéala daoine go líofa, Éamonn de Valera ina measc, más fíor.

Bhí bac ar ‘The Catcher in the Rye’ J.D. Salinger ar feadh i bhfad abhus anseo, ach puilliliú agus umbó éra! Cúpla bliain ina dhiaidh sin bhí sé ar chúrsa na hardteistiméireachta Béarla i lámha neamhurchóideacha na hóige.

Dá aiteacht an mac é an saol, is aite fós é eanaí casta dorcha gabhlánacha na saoirse cainte agus foilsitheoireachta. An rud a raibh glacadh leis inné níl aon ghlacadh leis inniu, agus a mhalairt eile timpeall.

READ MORE

As an nead seangán diabhlaí seo bíonn an intinn ghlic smeartáilte ag iarraidh teacht ar phrionsabal. Fotha éigin ar féidir é a leagadh síos go daingean agus seasamh air. Sprioc agus amas gach machnóra riamh, tuirlingt ar charraig éigin nach mbogfaidh tuilleadh.

Luaitear le mórtas nath Voltaire go minic: ‘Is dona liom a bhfuil á rá agat, ach cosnód go héag an ceart agat é a rá.’

A shaontacháin bhochta, níor aontaigh aon duine leis an méid sin riamh!

Ceann de na ráitis mhóra ar son saoirse cainte agus foilsitheoireachta ba ea an paimfléad ‘Areopagetica’ a scríobh an Cromaileach mór le rá John Milton. Is ea, molann sé go láidir cead foilsitheoireachta do chách…ach amháin do Phápairí, a gcreideamh féin ‘it self should be extirpate’ mar adeir sé go deas.

Bhí lánréim ag gach páirtí polaitíochta agus díorma sóisialta san IarGhearmáin tar éis an chogaidh…ach amháin na Cumannaigh, in ainneoin gurbh iad an tAontas Sóivéadach a d’fhuascail ón naitsíochas iad.

Tá saoirse cainte agus foilsitheoireachta ar fáil ar fud an domhain bhraonaigh go léir gan chosc gan teir go lánoscailte fáilteach - ach go teoiriciúil amháin. Bain an screamh mhín bhladair anuas agus nochtfar na constaicí go grod.

Tá in aghaidh na dlí masla a chaitheamh leis an gCeann stáit san Iodáil, sa Ghearmáin, agus in aghaidh Ceann stáit ar cuaird i scata tíortha go forleathan. Is measa fós sa Spáinn é ina bhféadfá dhá bhliain a chaitheamh i ndoircheacht na carcrach istigh dá gcaithfeá aithis le Rí na Spáinne, nó, agus seo níos binne fós, ar aon duine dá shinsir.

Níl tír ar bith ar domhan nár déanadh dianchinsireacht ar leabhair inti de dheasca moráltachta nó polaitíochta, agus is measa de ghnáth é, i gcoinne údair dúchais na tíre sin. Níor cheadaigh an BBC ‘Give Ireland Back to the Irish’ Paul McCartney agus Wings a chraoladh. Agus cé hé nach cuimhin leis Alt 31 den Acht Craolacháin againne nuair a bhí liobrálaigh agus aos saoirse cainte na tíre ag léirsiú go laethúil ag nochtadh go feargach le gach gíocs chomh héagothrom leatromach is a bhí sin mar dhlí? Bheadh Salman Rushdie thar a bheith mórálach asainn.

Níl saoirse cainte in áit ar bith nach bhfuil líne dhearg throm tarraingthe tríthi. Is í an t-aon cheist a mheánn, ná cén áit a dtarraingeofar an líne sin? Ná bí cráite. Gheobhair aos intleachtúil ar a bpá a sholáthróidh cúis lándóthanach duit.

Ní prionsabal ar bith a bhíonn laistiar den chinsireacht, ach cibé faiseanachas agus nósmhaireacht atá thuas le linn na huaire. Sin uile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar