Webb agus na leathchloigne

Tú id meig nó scaoileann bac éigin ionat

‘Cad iad na réaltaí?’ d’fhiafraigh Joxer agus ní bhfuair sé de fhreagra ach ‘rinn spéire a ghineann fuinneamh trí bhíthin comhleáite núicléach ina croíleacán.’ Chuir na spásanna folamha amuigh ansin sceimhle ar Phascal, cé go bhfuil a fhios againn nach folamh atá siad anois ach lán de dhamhna dubh nach dtuigeann aon duine. Agus thagadh iontas ar Kant ar a shiúlta dó san oíche ag féachaint lasnairde nuair nach raibh sé ag iarraidh snaidhm eile de chuid na fealsúnachta a cheangal níos daingne.

Léiríonn teileascóp Webb, áfach gur féidir féachaint siar 13.5 bhilliún bliain agus scamaill ar cosúil le putóga béiste allta ar leith amháin nó rud éigin a d’fhág an gadhar ina dhiaidh ar leith eile iad. Músclaíonn na pictiúir sin alltacht gan chríoch nó samhlaíocht gan teorainn san té a bhfuil an fonn sin air. Tú id meig nó scaoileann bac éigin ionat.

Thuairimeofá gur leor a bhfuil de dhomhain éagsúla cruthaithe ag lucht scríte ficsean eolaíochta seachas spreagadh sa bhreis a thabhairt dóibh dul ag satailt ar an taobh istigh dár mblaosc arís. Ina leataobh sin, is fearr liom fós an teideal ‘scéalaíocht fháistineach’ ná ‘ficsean eolaíochta’ mar coinníonn an SF sin a bhfuil glactha leis go forleathan i dteangacha éagsúla in ainneoin a bhunúis, ach móilín beag é sin sa scéim mhór.

Fós féin is suarach an scríbhneoireacht sin suas is anuas leis an scaoileadh samhlaíochta a déanadh nuair a cromadh ar thaisteal ar fud an domhain i dtosach agus nuair a tuigeadh go raibh an domhan leathan fairsing ann in aon chor seachas an paróiste áitiúil.

READ MORE

Tuigtear anois gur cumadóireacht is ea ‘Leabhar Sheán Mandavil’, cuntas a déanadh ar thuras chun na Tíre Naofa agus níos sia soir sa 14ú haois agus ar dhein Finín Ó Mathúna leagan Gaeilge de a raibh éileamh air gan bhréag. Cuireadh Gaeilge, leis, ar ‘Leabhar Ser Marco Polo’, leabhar mór taistil na linne céanna, agus a mhúscail suim sa ghluaiseacht ar muir is ar tír go ceann i bhfad. Deirtear go raibh cóip de ag Columbus ar a thuras siar, ach ar éigean gurbh é an leagan Gaeilge é cé gur stop sé i nGaillimh tráth dá raibh.

Níorbh fhiú cáithnín sneachta ar Vénus iad, áfach, i gcomparáid lenar bhailigh an ciclipéidí Isodore Sevilla sa 7ú haois, vicipéidí an ama sin. Ransaigh sé a raibh de leabhair taistil agus eolais ó na húdair ab fhearr is ab inchreidte agus fuair amach, fara go leor eile … gur saolaíodh daoine i mbaill éagsúla (scaoilfidh mé tharam na háiteanna ar eagla go n-aithneodh aon duine iad) go raibh fiacla mhadra acu, a thuilleadh gurbh ionann cosa is lámha dóibh, daoine gan chloigeann ar bith, a raibh an cloigeann acu i lár a gcliabh, nach raibh acu ach cloigeann, nárbh iontu ach cosa, go raibh a súile ina gcíocha acu, go raibh sróna eilifintí acu in áit a gceann, súile sna guaillí ag gobadh aníos, a labhair as dhá thaobh a bhéil, beola íochtair chomh mór sin gur chosain an corp ar theas na gréine, cluasa leathana a chlúdaigh an cholainn go léir bun barr agus nár de theaghlaigh ríogúla iad, a raibh geansaithe smaoisbhuí orthu is peil mar mhalairt ar bharraicíní, adharca ar a n-éadan agus stráicí dubha is ómra ar a gcraiceann, crúba gabhair fúthu is ag caint glibirise, ar leathchois chomh mór le turnap, a raibh sé cinn de mhéireanta ar gach lámh, a bhí líofa san urlabhra bhinn ach nach ndúirt tada.

Is é an baol contúirteach ná go dtabharfaidh a bhfuil nochtaithe ag Webb scód dá lán ar an gcuma chéanna. Ní cheapaim go bhfuil aon ghátar againn le tuilleadh daoine ar leathchloigne nó ar neamhchloigne iad.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar