Ulysses, mise agus an tAifreann Laidine

De bharr go raibh an séipéal faoi urchar méaróige de mo theach chuirtí gairm chatha orm go rialta chun mo dhualgais a dhéanamh.

Foclóir: Ag taibhreamh – dreaming; fuaimniú – pronunciation; meancóg- blunder; solamar – good things; buachaill cráifeach – devout boy; oisteansóir – monstrance; forscáth – canopy; ag gliúcaíocht – peeping; caifrín – scarf; creidmheach – faithful; abhlann – wafer.

Agus mé ag breathnú thart go fánach i siopa leabhar le déanaí tharraing an leabhar cáiliúil ‘Ulysses’ m’aird. Ach a luaithe a d’oscail mé é thit an lug ar an lag agam mar smaoinigh mé ar an tréaniarracht a rinne mé é a léamh cheana ach tar éis caoga leathanach chaith mé san aer é mar nach raibh mé ábalta tóin ná ceann a fháil air.

D’oscail mé an chéad leathanach arís ach nuair a tháinig mé chuig an bpíosa inar ndúirt Buck Mulligan, ‘Introibo ad altare Dei’ agus an babhla á chur in airde go magúil aige, tháinig na cuimhní ar ais go tréan chugam ar an am a bhí mé i mo fhreastalaí Aifrinn i Mainistir Eimhín sna seascaidí. Thug sé lón machnaimh dom agus thosaigh mé ag taibhreamh ar an seansaol.

Ba é an Bráthair Ó hUiginn a mhúin na freagraí Laidine dúinn tar éis am scoile. Athrá gan deireadh a bhíodh aige mar mhodh teagaisc agus mura raibh na freagraí agus an fuaimniú beacht de ghlanmheabhair agat chuirfeadh sé in iúl duit gan aon agó go raibh faillí déanta agat. Ba leor sin chun mo mheancóga a chur i gceart.

READ MORE

Nuair a bhí mo phrintíseacht curtha isteach agam b’iomaí dualgas a bhíodh orm mar fhreastalaí: bualadh an chloigín (ceithre huaire, gan dearmad a dhéanamh ar an nod ,’Domine non sum dignus’); na crúiscíní fíona agus uisce a sholáthar agus a thabhairt don sagart in am trátha; cúram a dhéanamh don ‘Lavabo’ agus na coinnle arda a lasadh. Choinnínn an pláta comaoineach faoi smig na gcomaoineoirí ag ráillí na haltóra freisin. Ag an am chaitheadh na mná caifiríní cinn a raibh léarscáil na hÉireann orthu agus le linn na Comaoineach bheinn ag iarraidh contaetha agus bailte éagsúla na tíre a aimsiú ar an léarscáil.

De bharr go raibh an séipéal faoi urchar méaróige de mo theach chuirtí gairm chatha orm go rialta chun mo dhualgais a dhéanamh. Níor chuir sé sin isteach ná amach orm mar bhaininn an-taitneamh as a bheith i mo chléireach agus bhíodh gradam faoi leith ag dul leis mar ceapadh gur buachaill cráifeach mé a shílfeá nach mbeadh baint an uain ó chaora ionam – a mhalairt ar fad a bhí fíor dar ndóigh!

Fuair mé mo chéad leathchoróin ag Aifreann bainise – carn mór airgid domsa ag an am. Agus b’aoibhinn liom na cluichí peile roimh na searmanais i gclós an chlochair. A luaithe a bhuailtí an clog dheifrímis isteach sa sacraistí, mise ag cur allais go fras; chaithinn an chasóg dhearg agus an tsuirplís bhán orm agus luas mire fúm. Uaireanta bhíodh goin ocrais orm agus sháinn mo chrúba isteach i gcrúsca na n-abhlann neamhchoisricthe agus d’ithinn go cíocrach iad – go maithe Dia mór na glóire dom é!

San am sin bhíodh cúl an tsagairt agus cúl na bhfreastalaithe le pobal Dé. Ní chloisfeá ach cliceáil na bpaidríní i gcoinne dhroim an bhinse. Is cuimhin liom go rímhaith an frustrachas agus an náire a mhothaínn ag iarraidh na coinnle arda os cionn na haltóra a lasadh le lastóir fada. Ba é an choinneal deiridh a chuireadh uafás orm toisc go raibh an buaiceas gearr uirthi agus í lúbtha, agus in áit chiotach. Ach an rud a chuir mo sháith náire orm ná nuair a mhúchadh leoithne bhog an lastóir agus bhíodh orm é a lasadh arís agus ansin tabhairt faoin diabhal sin de choinneal athuair. Cé go mbíodh m’éadan lasta ó chluas go cluas, ní bhíodh radharc ag pobal Dé air. Is mór buíochas beagáin!

Ach an pháirt ab ansa liom ná an túis a chroitheadh ar phobal Dé. Bhaininn an-sásamh go deo as bheith ag luascadh an túiseáin ag Beannacht na Naomhshacraiminte. A luaithe a bhíodh greim agam ar an túiseán luínn isteach ar an obair: luascainn é siar agus aniar chomh tréan sin amhail is dá mbeinn sa charnabhal fadó ag tarraingt rópa i luascbhád chun é a chur níos airde.

Geallaim duit go mbíodh pobal Dé lán túisithe agus go maireadh boladh na túise sa séipéal ar feadh na hoíche. Go gairid ina dhiaidh, ámh, díchoimisiúnaigh an Bráthair Ó hUiginn mé ar bhonn sláinte agus sábháilteachta nuair a bhain sé an cúram sin díom.

Ba bhuaicphointe na bliana don Eaglais é Lá Fhéile Chorp Chríost i mí an Mheithimh. Thosaíodh an ghlóir- réim taobh amuigh den séipéal nuair a d’ullmhaíodh ceathrar fear téagartha – beirt fheirmeoirí agus beirt siopadóirí – forscáth dearg chun an sagart agus an t-oisteansóir ina raibh an abhlann bheannaithe a chosaint ón mbáisteach.

Agus an sagart agus na freastalaithe ar a cheann, leanadh an mórshiúl buacach, ón séipéal síos an phríomhshráid. Bhíodh gach taobh den bhóthar plódaithe le daoine a bhíodh gléasta go péacach agus de réir mar a bhíodh an pharáid ag dul tharstu, thagaidís isteach leis an slua ar chúl.

B’fhíorbheagán Protastúnach a bhí ar an mbaile ach is cuimhin liom agus an pharáid ag dul thar shiopa Isaac Willoughby, go bhfuair mé spléachadh ar chuirtín ag bogadh thuas staighre agus é ag gliúcaíocht ar an slua ag dul thart. Ní fheadair ar bhraith sé faoi léigear an lá sin amhail na Caitlicigh ina dtithe ag breathnú ar pharáid Oráisteach ó thuaidh le linn shéasúr na máirseála?

Bhaineadh an mórshiúl an ceann scríbe amach ag Mainistir Uí Mhórdha (Moore Abbey) míle ón séipéal, áit a gceiliúrtaí an tAifreann os comhair an tí mhóir. Ba sheanteach John McCormack é, an teanór cáiliúil sna tríochaidí. Agus an searmanas faoi lán seoil, shamhlainn é ag teacht amach ar an altóir chun ‘Panis Angelicus’ a chanadh.

Nuair a dhúisigh mé ó thaibhreamh na súl oscailte sa siopa leabhar, d’fhreagair mé tuin chainte Buck Mulligan go paiteanta i gcogar: ‘A Deum qui laetificat juventutem meum’. Chuir mé an mórshaothar Ulysses – ar beag duine a thuigeann é - ar ais ar an tseilf. Cibé rud faoi James Joyce, déarfainn go mbeadh an Bráthair Ó hUiginn bródúil asam agus breá sásta lena mhodh teagaisc fadó.

Dioplóma Gairmiúil fógraithe

Dearbhaítear gur acmhainní cumhachtacha iad cultúr agus traidisiúin na hÉireann lena spreagtar brí, nuálaíocht agus cruthaitheacht agus lena gcuirtear sláine éiceolaíoch agus rathúnas eacnamaíoch chun cinn.

Sin atá mar bhunús le Dioplóma Gairmiúil i bhFiontair Bheo atá fógraithe ar na mallaibh ag Gaelchultúr. An Dr Fionnbarra Ó Brolcháin a dhear an cúrsa agus a chuirfidh an clár i láthair.

Tá taithí ag an Dr Ó Brolcháin, atá ina údar agus ollamh, ar chúrsaí cheannródaíocha fiontraíochta agus tá cúrsaí curtha ar fáil aige in ollscoileanna ar fud an domhain, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Mhá Nuad agus University of Michigan ina measc.

Seo é an chéad uair riamh dó a leithéid de Dhioplóma Gairmiúil a chur i láthair trí mheán na Gaeilge. Is é ¤1,295 gnáthphraghas an chúrsa seo ach tá praghas thús téarma ¤995 ar fáil dóibh siúd a chláraíonn roimh an 12 Lúnasa. Tá breis eolais ar fáil faoin gcúrsa ag gaelchultur.com