Beirfean teasa agus fás gan teorainn

Is é is measa faoi seo ná go bhfuil a fhios againn cé tá ciontach sa bhláthú cruinne seo.

Tá amhrán ag an ngrúpa Albanach Runrig a bhfuil ‘Chí mi an geamhradh’ air a bhaineann le grá atá dulta ar gcúl, ach ina bhfuil an leannán ag féachaint siar ar na laethanta sona – ‘Shílinn féin gur inné/bhí teas an tsamhraidh dár leá.’ Ní inné ná inniu amháin a mbeidh teas an tsamhraidh dár leá de réir cosúlachta, ach go brách, go deo, as seo suas, ag dul ar aghaidh, go síoraí tuilleadh.

Drochscéala é seo do thionscail na turasóireachta in Falúracaí agus Cosy Deasaí agus an Costa del Chraiceann, agus is dócha go bhfeicfear pacáistí samhraidh á dtairiscint feasta le haghaidh na dtránna in Stavanger agus Archangel agus Siorapaluk. B’fhéidir go dtiocfadh athbheochan sealadach fiú ar na hurdaí gurdaíos agus na háilleagáin intrigh san Inbhear Mór, i mBun Dobhráin agus i mBun an Tabhairne go dtí go mbeidh siad báite san fharraige thíos.

Is é is measa faoi seo ná go bhfuil a fhios againn cé tá ciontach sa bhláthú cruinne seo. Tá an ceart agat, sinne! An bhfuilimid chun aon phioc a dhéanamh mar gheall air? Níl. Cén fáth? Mar tá an compord agus an sócúl agus an éascaíocht agus an dul chun cinn atá déanta againn mar chine daoine ina seasamh go hiomlán ar dhísciú an domhain.

Dá mbeimis fós inár bhfiagaithe cnuasóirí agus ag maireachtaint ar na cnónna a thit den chrann is ar na luibheanna faoinár gcosa ní bheadh an domhan ina phraiseach mar atá. Ach an oiread leis an lá inniu tá cuid mhór den mhilleán ag dul do na feirmeoirí. Seachas a bheith ag siúl an drúchta ag lorg bia le n-ithe shocraigh siad ar phríosúnaigh a dhéanamh d’ainmhithe na coille is na mbánta a bhí breá sona iontu féin ag fálróid timpeall go béistiúil. Agus léim na galair agus na plánna ó na hainmhithe céanna mar dhíol íoc as a mbraighdeanas, rud atá á dhéanamh acu fós.

READ MORE

Arbh fhearr saol na circe bige rua sa tSín na mílte bliain ó shin nuair a bhí cead aici a sciatháin a leathadh agus a bheith ag piocadh ar a suaimhneas ná a samhail inniu ina cró beag cúng agus a bheatha cúpla seachtaine ag soláthar uibheacha agus feola dár leithéidíne araon? No an torc allta ag ruathar leis sna sléibhte os cionn Chill Áirne seachas an mhuc sa mhonarcha i Móinín na Cránach nach bhfuil ann ach slisní bagúin ar chrúibíní agus ispíní mhaidin Domhnaigh?

Más í an fheirmeoireacht cúis ár mallaithe ón tús, is iad na heacnamaithe agus a gcuid dochtúirí draíochta is mó ceap milleáin anois. Ní astu féin ina n-uafás is ina n-aonar aineolais, gan amhras, mar tá inneall mór na polaitíochta á gcomáint agus na teachtaí pobail a thoghaimid ag géilleadh dóibh gan cheist. Ní féidir an locht go leir a leagadh ar bhroimneach na mba.

Is é an creideamh is daingne atá dingthe sa tsaol mar a ritheann ná creideamh an fháis eacnamaíochta. Creideamh níos daingne ná Críostaíocht ar bith, ná léirstintí Mhahamaid ar fud na gcríocha, ná a bhfuil le rá ag an mBúda féin ná ag 330 milliún dia Hiondúchais, ná rud ar bith adéarfadh an t-ardaingeal Ó Maolruanaigh dá dtiocfadh sé arís le pláitíní óir, ná na fealsaimh uile go léir ar an talamh nó i gclogtheach éabhair, ná saoithe na síoraíochta nár saolaíodh fós.

Fás, fás, fás, fás ar nós túir Bháibil go dtí go dtiteann arís agus go scaiptear a bhfuil fágtha dínn ag snámh ar an talamh a loiteamar.

Tá thar a bheith simplí. Ní féidir fás eacnamaíochta a bheith agat go deo déanach agus an plainéad a shábháil ón uileloscadh atá ag teacht.

Sin é doiscéal an lae inniu.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar