Rí na hÉireann

Is ea, maireann sliocht na Stíobhartach i gcónaí.

Níl seo ar eolas ag mórán daoine, ach ní foláir tosnú in áit éigin.

I gcomhluadair áirithe agus an leann ag dul i dteirce i moiche na maidne, Willie McBride curtha chun báis uair amháin eile, leithscéal á lorg chun fad a chur leis an spraoi, bí deimhnitheach de go mbuailfidh duine suas leagan éigin de ‘Mo Ghile Mear.’

In Albain, b’fhéidir go ndéanfadh ‘Will he no come back again?’ nó ‘Speed bonny boat like a bird on the wing’ an gnó céanna. Ráineodh go mbainfí preab as daoine dá dtiocfadh sé ar ais arís, nó dá bhfillfeadh sé ón áit ar chuaigh sé i gcéin an buachaill bán céanna.

Fós féin, in ainneoin é a bheith ar fáil go rábach ar chlúdaigh bhoscaí brioscaí, is beag é an t-eolas coiteann atá fairsing mar gheall ar na Stíobhartaigh, arb iad ábhar na n-amhrán seo iad. Ina dhiaidh sin, shonraigh Breandán Ó Buachalla breis agus 600 dán mar gheall orthu ina mhórleabhar ‘Aisling Ghéar’, agus b’iad bia agus deoch na litríochta iad ar feadh nach mór dhá chéad bliain.

READ MORE

Samhlaítear rómánsaíocht leo, go háirithe leis an bPrionsa Séarlas nó Bonnie Prince Charlie, toisc an scéil chroíchorraithe sin a bhain le hionradh arm na hAlban ar Shasana sa bhliain 1745 agus an tslí ar dhóbair dóibh an choróin a bhaint ó ‘Rí na Muice’, an Rí Seoirse. Ina dhiaidh sin, an tslí ar chaith sé nach mór leathbhliain ar a choimeád ar feadh gleannta is fraochbheann ard i ngarbhchríocha na hAlban agus gurbh éigean dó dul i mbréigriocht mná chun a chosa a thabhairt slán ó na cótaí dearga.

Is í an cheist nach gcuirtear, agus mar sin nach bhfreagraítear, ná conas mar a rachadh stair agus scéal na hÉireann sa chás is gur éirigh leis. Gur rop sé isteach i Londain, gur dhíbir na Hanófarraigh bhréana ar ais chun na Gearmáine, agus gur bhunaigh sé cúirt Stíobhartach i gceannas ar an trí ríocht? Ní bheadh na hamhráin sin againn á rá, is cinnte, agus tá seans nach mbeadh bunreacht na ríochta chomh seicteach biogóideach frithChaitliceach agus atá. Ach seachas é sin?

N’fheadar fútsa, ach tagann crith chos agus lámh orm agus maidhm uafáis trí mo bhaill bheatha ar fad ag smaoineamh air. Ach ní gá duit dúiseacht i lár na hoíche ar mo nós féin, mar níor tharla a leithéid. Is binn é an cloigeann sa bhuicéad nuair a oireann.

Fós féin, is rómhaith is eol dúinn go maireann ríogaithe inár measc go tiubh, agus is iad atá tiubh gan bhréag. Ní lúitéis go lúitéis roimh phearsa ríogúil. Ba dhóigh leat, áfach, go mbeadh dóthain dínite ag daoine abhus le lúitéis a dhéanamh roimh oidhre ceart na ríthe dlisteanacha Stíobhartacha seachas an mhaidríneacht lathaí a dhéantar roimh na forghabhálaithe.

Is ea, maireann sliocht na Stíobhartach i gcónaí. Ar éigean go bhfuil sé i gceist acu loingeas a eagrú agus gluaiseacht suas an Thames, ach ba dhóigh leat go mbeadh meas orthu in Éirinn. Óir, dá n-iompódh cor na staire ar bhóthar eile ar fad is é Franz Bonaventura Adelbert Max Emanuel Ludwig Maria Herzog von Bayern nó Proinsias II a bheadh ina rí ar Éirinn! Anois duit! Ina choinne sin, níl ann ach Diúc na Baváire, Ceann an Teaghlaigh Wittelsbach.

Ní raibh ceist chomharbais na dteaghlach ríogúla riamh simplí, áfach. Tá daoine eile a mhaíonn go bhfuil éileamh ag an bPrionsa Joseph Wenzel Maximilian Maria de chuid Lichtenstein ar an gcoróin go dlisteanach, ach cé sinne le deighilt a dhéanamh eatarthu? B’fhéidir go réiteodh piostail le breacadh an lae ar thrá ghainimh an scéal.

B’fhearr é sin ná cogadh eile fós ar son ríthe lofa, cibé teaghlach fola lena mbaineann.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar