An stoca tae

Ní fada go mbeidh fán ar an neodracht chéanna má leantar den spochadh

Is mar seo a thosaíonn sé. Aon bhraon bréan amháin. Bíonn gach tús lag. Síol an mhustaird. Aon deoir bheag a chaitheamh isteach sa linn. Beidh daoine eile go breá sásta na cuilithíní a chur ag gluaiseacht.

Is mar sin a thosaigh sé. An deireadh a chur le héileamh na hÉireann ar a cuid críocha ar fad gan toil baicle bhig ó thuaidh. Athrú bunreachta mar thoradh.

Is mar sin a thosaigh an t-aitheantas a thabhairt d’Éireannaigh a throid ar son impireacht na Breataine agus in aghaidh saoirse na tíre seo chomh maith. Iriseoir nó beirt ag maíomh gur cheart dúinn náire a bheith orainn. Bailíonn brobh beart. Tiocfaidh de chor sa tsaol go mbeidh náire ar dhaoine gan poipín fola na Samhna a chaitheamh.

Tá an sileadh sin ar siúl maidir le neodracht an stáit seo. Braon anseo, piocadh ansiúd, ding thall, amhras abhus, sonc nuair a oireann, fríd mhallaithe a sheoladh tríd an dioscúrsa poiblí. Ní fada go mbeidh fán ar an neodracht chéanna má leantar den spochadh.

READ MORE

Bhí eagarfhocal i Sunday Times na seachtaine cheana timpeall ar an aire Sasanach Liz Truss ag déanamh caca i mála de theideal an Taoisigh, mar ‘tea sock.’ Muga maga, gan amhras, ach bhí an chealg sa chuid dheiridh den trácht.

Éirim an áitimh ná gur cheart dúinn éirí as teidil ar nós ‘taoiseach’ nach bhfuil a leithéid ag stáit eile ar fud an domhain. Cad ina thaobh nach ngairmfimis ‘príomhaire’ de ar nós an tsaoil mhóir? Agus sea, caitheadh isteach fuhrer, duce agus caudillo ar fud na gcos ar eagla nach mbeadh breith agat ar an argóint.

Is é oighear an scéil é ná nach raibh Taoiseach ar bith riamh againn a raibh éileamh aige ar a bheith ina fhuhrer nó ina dhuce nó ina chaudillo (bhuel, abair, seachas aon duine amháin, ceart go leor, b’fhéidir beirt), ach thiocfadh go raibh scata go bhféadfaí stocaí tae maidir le laige is le huisciúlacht a cheangal leo. Bíodh do rogha féin agat. Mise im bhalbhán.

Níorbh í Liz amháin, agus bímis ag faire uirthi, eagla na ngamhna roimh an mac tíre, sceimhle an choca féir roimh an ngaoth, scéin an tuair roimh an tairngreacht, níorbh í an Liz úd amháin ar chuaigh a teanga i dtranglam gutaí agus consain na Gaeilge.

Bhíodh comhfhreagraí ag RTÉ a thugadh an ‘teashirt’ ar an gceannaire thuas chun tosaigh, agus tá Ultaigh leisciúla ann a bhfuil col acu le ‘ch’ a rá a thugann ‘teesha’ air, amhail go raibh sraoth á ligean acu. Ach le fírinne, níl ann ach deargleisce charbaill agus fiacla briste a thugann cead dóibh prácás a dhéanamh de theideal atá mós simplí.

Bhíodh an leisce chéanna orthu ag tabhairt ainme ar bholcán úd na hÍoslainne suim bhlianta ó shin. Chuir pléascadh Eyjafjallajokull bac chomh mór ar an turasóireacht agus ar an taisteal lena linn is a chuir cóivid le blianta beaga anuas, agus fós féin bhí comhfhreagraí amháin, más féidir liom cuimhneamh ar a ainm, a bhí ábalta ar a theanga a chur timpeall ar na fuaimeanna aisteacha sin nár airigh aon duine seachas róin le míle bliain anuas.

Táimid taithíoch go maith ar phraiseach a dhéanamh d’ainmneacha dúchais, dá shimplí iad. Dhá shiolla atá ag an Bord Gáis. Is iondúil gur Bored Gosh atá air, nó Bored Gash, ceann a chuirfeadh iontas ort, agus an ceann eile scoilt id chloigeann.

Ní fíor go bhfuilimid eisceachtúil maidir le teideal Cheann an Rialtais ach an oiread. Tá an Bundeskanzier nó an Seansaire air sa Ghearmáin, agus ba leor tráiléireacht éadomhain lena leithéid eile a chruthú ar fud an domhain. Ach athrú ar theideal an Taoisigh ar son Liz Truss? An bhfuilimid chomh táir sin anois?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar