Céad bliain den bheartas teanga

Is imeallaí an Ghaeilge anois ná cheana sa dioscúrsa náisiúnta agus sa pholaitíocht

FOCLÓIR: dua - effort; craobhacha - branches; claochlú - transformation; smeadar - smattering; fónta - decent/worthwhile; maíomh - boast; trasteorann - crossborder; i ladhar an chasúir - back to the wall.

As measc na ngnéithe éagsúla de chomóradh bhunú an stáit atá á dtabhairt chun cuimhne i mbliana, is údar suntais é a laghad aitheantais a tugadh go dtí seo ar dhlúthchuid amháin de shaol na hÉireann le céad bliain anuas, an beartas i leith na Gaeilge.

Sampla amháin is ea an leabhar Ireland 1922: Independence, Partition, Civil War (Acadamh Ríoga na hÉireann) a chuimsíonn caoga aiste ar ghnéithe éagsúla den chorraíl pholaitiúil in 1922 ach nach dtéitear i ngleic leis an nGaeilge ann. Is deacra fós an neamhshuim seo a thuiscint nuair a chuimhnítear ar ról na Gaeilge san fheachtas ar son neamhspleáchais. I mo leabhar nuafhoilsithe ar an téama seo, One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922-2022 (Peter Lang), cuirim romham an bhearna tuisceana sin a líonadh trí anailís a dhéanamh ar chéad bliain de bheartas an stáit i leith na Gaeilge, obair ar caitheadh go leor dua léi agus a raibh idir mhaith agus olc sa toradh a bhí uirthi.

Ag tarraingt dom ar an taighde idirnáisiúnta ar an mbeartas teanga mar réimse léinn, scagaim cás na hÉireann bunaithe ar chúig théama: cainteoirí Gaeilge, an Ghaeltacht, an t-oideachas, an dlí agus na meáin chumarsáide.

READ MORE

Cé gur ghlac an Ghaeilge ról lárnach san athbheochan chultúrtha agus liteartha ag deireadh an 19ú hAois, ba i ndeireadh na feide a bhí sí mar theanga phobail agus ní raibh cumas Gaeilge ach ag duine as cúigear. I mbuaicbhlianta na hAthbheochana, d’fhoghlaim go leor náisiúnaithe smeadar éigin Gaeilge, a bhuíochas le craobhacha Chonradh na Gaeilge, agus ghlac go leor den mhionlach a bhain líofacht amach le cúis na Gaeilge go gníomhach.

In 1922, tugadh stádas mar theanga náisiúnta agus oifigiúil don Ghaeilge i mbunreacht Shaorstát Éireann ach bhí dúshlán ollmhór teangeolaíoch roimh an stát nua, deacracht nár tuigeadh i gceart. Ghlac daoine a raibh lámh acu in obair an Chonartha páirt ghníomhach sa chéad rialtas agus fógraíodh bearta suntasacha chun tacú leis an nGaeilge san oideachas, sa dlí agus sa riarachán poiblí. A mhalairt a bhí fíor sa stáitín nuabhunaithe eile, Tuaisceart Éireann, áit a bhfulaingeodh lucht labhartha na Gaeilge neamhshuim agus doicheall faoi rialtas Aontachtach go ceann blianta fada.

In ainneoin na huaillmhéine ó dheas, áfach, ba í an fhírinne shearbh go raibh an Ghaeltacht féin in umar na haimléise go heacnamaíoch agus mar sin níorbh údar iontais é gur shocraigh an rialtas in 1925 go mbunófaí Coimisiún Gaeltachta chun moltaí a dhéanamh maidir le treisiú na Gaeilge sna ceantair ina raibh sí fós á labhairt. Déanaim mionanailís ar obair an Choimisiúin sa leabhar seo agus áitím gurbh ionadaithe fireanna ón meánaicme Chaitliceach a thacaigh leis an gConradh Angla-Éireannach agus a bhí dílis don stát nua a ceapadh ina gcoimisinéirí. Bhí cuid den 82 moladh míréadúil ó thaobh na polaitíochta ach thug an Roinn Airgeadais droim láimhe do go leor tograí fónta ar bhonn costais, cé gurbh é an t-iar-Chonraitheoir aitheanta Earnán de Blaghd an tAire.

Ba phatrún é sin a leanfaí leis go ceann céad bliain: rialtais éagsúla ag maíomh gur chás leo an Ghaeilge ach an t-eiteachas á thabhairt acu do bhearta a threiseodh an teanga go fírinneach.

Tá claochlú socheacnamaíoch agus sochtheangeolaíoch imithe ar an nGaeltacht ó aimsir an Choimisiúin, go háirithe ó na 1960í. Mar thoradh ar athruithe struchtúrtha sa gheilleagar agus ar chúlú na Gaeilge féin, le blianta beaga anuas cuimsíonn beartas forbartha Údarás na Gaeltachta an fhorbairt shocheacnamaíoch agus an phleanáil teanga araon.

Cuireadh bonn dlíthiúil faoin bpleanáil teanga in Acht na Gaeltachta, reachtaíocht a d’eascair as taighde sochtheangeolaíoch ar an nGaeltacht agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Go mífhortúnach, foilsíodh an Straitéis an tseachtain chéanna ar tháinig toscaireacht an IMF go Baile Átha Cliath lena pacáiste míchlúiteach tarrthála agus ba dhóbair nár cuireadh tacaíochtaí suntasacha Gaeltachta ar ceal. Áitím sa leabhar go bhfuil idir mhaith agus olc sa phróiseas pleanála teanga: cé go gcabhraíonn sé le pobal machnamh a dhéanamh ar staid na Gaeilge ina measc, ní leor maoiniú an stáit agus fágann na lochtanna struchtúrtha gur deacair tionchar na hoibre a chinntiú.

Ní taobh leis an nGaeltacht amháin atá pobal na Gaeilge dar ndóigh, agus cuimsíonn an próiseas pleanála teanga ‘líonraí Gaeilge’ lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. Cé go bhfuil borradh áirithe fúthu le tamall, is gá tuilleadh infheistíochta chun tacú le pobail ar fud na tíre ar mian leo a gcuid féin a dhéanamh den Ghaeilge.

Is tríd an gcóras oideachais a fhoghlaimíonn formhór mór phobal na hÉireann pé Gaeilge atá acu agus in ainneoin na lochtanna córasacha, is tacaíocht institiúideach ríthábhachtach iad na scoileanna agus crann taca do na staitisticí daonáirimh faoin nGaeilge. Ní gá ach féachaint thar teorainn ar stádas imeallaithe na teanga sa chóras oideachais sa Tuaisceart chun an difríocht shuntasach sa leibhéal eolais ar dhá thaobh na teorann a thuiscint.

Rianaím an t-athrú sa bheartas i leith na Gaeilge sa chóras oideachais ó 1965 i leith, nuair a tugadh tús áite don dátheangachas seachas don ‘athghaelú’. Mar thoradh ar Pháipéar Bán na bliana sin a bunaíodh Comhairle na Gaeilge, grúpa saineolaithe a d’fhág a rian ar chruth an bheartais teanga sa chóras oideachais agus i réimsí eile go dtí ár linn féin.

Pléim an gníomhaíochas chomh maith agus cíoraim na feachtais chlúiteacha a throid eagraíochtaí deonacha ar dhá thaobh na teorann, go háirithe Conradh na Gaeilge, ar son na reachtaíochta agus an chraolacháin. Ní gan dua a baineadh amach éachtaí ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla agus seirbhísí craolacháin i nGaeilge agus déanaim anailís ar na cathanna fadtéarmacha a troideadh chun cearta teanga agus cumarsáide phobal na Gaeilge a threisiú ó na 1970í i leith.

Is údar suntais é an ghné uile-Éireann sna feachtais sin, diminsean ar cuireadh bonn nua institiúideach fúithi nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999 mar institiúid trasteorann. Bhí tionchar suntasach, nach raibh dearfach i gcónaí, ag an athrú struchtúrtha sin ar rialachas na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Is mó cor a chuir an beartas teanga de in Éirinn le céad bliain anuas. Tá rialachas na Gaeilge athraithe ó bhonn agus tá tuiscintí eolaíocha ar bheartas teanga agus ar shochtheangeolaíocht againn anois nach raibh trácht orthu nuair a bunaíodh an stát. D’fhoghlaim an earnáil dheonach go leor ó mhionteangacha eile i gcaitheamh na mblianta, tá bonn níos gairmiúla faoin obair ná mar a bhí cheana agus sa Phoblacht maireann tacaíocht an phobail agus stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar.

Is imeallaí an Ghaeilge anois ná cheana sa dioscúrsa náisiúnta agus sa pholaitíocht, áfach, tá an pobal a chleachtann an teanga go rialta lag agus go polaitiúil tá an Ghaeilge i ladhar an chasúir ó thuaidh in ainneoin borradh éigin le déanaí. Is gá don lucht feachtasaíochta a bheith ar thús cadhnaíochta i gcónaí, foghlaim ó thíortha eile agus straitéisí nua a mholadh a dtacóidh an pobal mór leo agus a chinnteoidh go mairfidh pobal bisiúil Gaeilge amach anseo.

Is Ollamh Comhlach le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é an Dr John Walsh.

Tá One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922-2022 foilsithe ag Peter Lang. (peterlang.com/series/reir).