Samhradh, Samhradh, Samhradh na leabhra

Liosta leabhar a d’fheilfeadh do dhéagóirí agus do dhaoine óga fásta

FOCLÓIR: Spéirling - (thunder) storm; dlúthchairde - close friends; osréalaíoch - surreal; dialann - diary; nóinín - daisy; cúthail - shy; árasán - flat/apartment; innealtóir - engineer; daoine óga fásta - young adults; scleondrach - excited.

Leis na mílte ag freastal ar choláistí samhraidh agus go leor eile ag dul ar saoire sna seachtainí atá amach romhainn, beidh roinnt mhaith pleanáil, ullmhúchán agus pacáil le déanamh roimh ré. Ach, cuma más le snas a chur ar a gcuid Gaeilge nó ar thóir na gréine atáthar, is fiú i gcónaí leabhar nó dhó Gaeilge a chaitheamh sa chás mar chompánach taistil.

D’iarr Tuarscáil ar Bhridget Breathnach (Cló Iar-Chonnachta/cic.ie), ar Ghráinne Ní Mhuilneoir (siopaleabhar.com) agus ar Dharach Ó Scolaí (LeabharBreac.com) roinnt teideal a mholadh a d’fheilfeadh do dhéagóirí agus do dhaoine óga fásta.

Spéirling

Orna Ní Choileáin (Cló Iar-Chonnacht)

READ MORE

Costas: €10

ISBN: 9781912133727

Dlúthchairde iad Manon agus Líosa, beirt chailín sna déaga, agus cónaí orthu ar oileán Aruba. Caitheann siad a gcuid am saoire ag cadhcáil agus ag siopadóireacht. Scéal osréalaíoch suite ar an Muir Chairib. Castar duine nua ar bheirt chairde agus leanann cúpla lá fiáin! Aithneodh scríbhneoirí an dílseacht chairdis.

Dialann Emily Porter: Jailtacht

Richie Conroy (LeabhairComhar)

Costas: €12

ISBN: 9781999802950

Úrscéal: Scéal Emily, déagóir a bhfuil dualgas uirthi dul chun na Gaeltachta don samhradh, agus muidne ag léamh a dialann ón samhradh céanna. Scéal a thosaíonn amach i mBéarla agus a thiontaíonn go Gaeilge de réir mar a éiríonn Emily níos compordaí leis an nGaeilge. I ngan fhios d’Emily, bhí plean eile ag a tuismitheoirí. Plean cruálach. Plean gránna. Plean díoltasach… Bhí sí le cur in aghaidh a tola, chuig Coláiste Samhraidh sa Ghaeltacht – nó An Jailtacht mar a thug Emily air!

Nóinín

Máire Zepf (Cló Iar-Chonnacht)

Costas: €10

ISBN: 9781907494949

Úrscéal: Casann Nóinín, déagóir cúthail, ar fhear óg ar an idirlíon. Níl sé cosúil leis na gasúir ar scoil: tuigeann sé go smior í, agus titeann sí i ngrá. Ní maith léi am a chaitheamh lena cara is fearr, Eimear, níos mó – tá sí go huile is go hiomlán gafa. Úrscéal sa saorvéarsaíocht dírithe ar dhéagóirí agus ar dhaoine óga fásta. Stíl faoi leith agus an-inléite.

* Buaiteoir Duais ‘Leabhar na Bliana’ KPMG, Leabhair Pháistí Éireann 2020.

Árasán

Ógie Ó Céilleachair (Foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht)

Costas: €10

ISBN: 9781784442279

Úrscéal: Spléachadh ar shaol na hollscoile agus na daoine óga fásta seo i ndiaidh an baile a fhágáil le tabhairt faoi shaol úr. Ceathrar mac léinn sa chéad bhliain agus iad lonnaithe le chéile san aon árasán amháin san ollscoil. Castar suáilcí agus duáilcí bheatha an scoláire orthu i rith na bliana acadúla. Rógaireacht, dramhlás agus craic(eann). Aois: 16+

Tinte na Farraige Duibhe

Tim Armstrong (Leabhar Breac)

Costas: €15

ISBN: 9781913814038

Úrscéal ficsean eolaíochta: Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu...

Ghnóthaigh an leabhar seo gradam an ‘First Book of the Year’ do Tim Armstrong ón Saltire Society in 2013. Is é Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh.

An Fuadach

Robert Louis Stevenson (Leabhar Breac)

Costas: €16

ISBN: 9781909907652

Úrscéal: Tá An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a bhfuil a uncail Eibinéasar ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin. Is é a chairdeas leis an claimhteoir Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhaird a thugann slán é – ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu.

Smacht

Colm Mac Confhaola (Leabhar Breac)

Costas: €9

ISBN: 9780898332872

Tar éis di beirt deifiúracha óga a chailleadh i ndóiteán tí, dóiteán a tharla de bharr an óil agus na dtoitíní, téann Rós agus a cuid tuismitheoirí chun cónaithe i dteach nua de chuid na comhairle contae. Sa phobalscoil áitiúil déanann sí cairdeas le Cormac, buachaill meánaicmeach atá ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar a chuid claonta féin; agus castar bulaithe uirthi atá gach pioc chomh dona leis na bulaithe a d’fhág sí ina diaidh sa tseanscoil.

Cú 1: Cosantóir

Paul Bolger & Barry Devlin (Leabhar Breac)

Costas: €12

ISBN: 9781909907997

Úrscéal grafach: Cú Chulainn agus é ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le Conchúr rí Uladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh. Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar álainn ealaíonta í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.

An Teach Órga i Samarkand

Hugo Pratt (Leabhar Breac)

Costas: €12

ISBN: 1909907430

Úrscéal grafach: An Teach Órga i Samarkand. Úrscéal grafach le Hugo Pratt do dhéagóirí agus léitheoirí fásta. Fágann Corto Maltese oileán Ródas sa Mheánmhuir i 1921 le dul ar lorg ór na Peirse. Órchiste é sin a chuir Alastar Mór na Gréige i bhfolach san Áise os cionn 2,000 bliain ó shin. Ar a bhealach trasna na Tuirce agus na hIaráine, caithfidh Corto teacht i gcabhair ar a sheanchomrádaí, Raspúitín.

Madame Lazare

Tadhg Mac Dhonnagáin (Barzaz)

Costas: €15.95

ISBN: 9781910945742

Úrscéal: Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil, sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile.

* Buaiteoir – Leabhar na Bliana 2021 ag Gradaim An Post

Doras Fuinneog Scuab

Seán Mac Mathúna (Leabhar Breac)

Costas: €9

ISBN: 9781909907577

Úrscéal: “Seoid eile atá san úrscéal seo ó pheann an mháistir.” Buachaill agus cailín sna déaga ar a gcamchuairt trí shráideanna fuara Bhaile Átha Cliath. Doras an t-ainm atá ar an mbuachaill, Fuinneog atá ar an gcailín. Cuireann siad aithne ar mhadra, Scuab. Tá an triúr acu ar a dteitheadh ó ghardaí, ó shagairt agus ó dhaoine fásta. Ó dheas leo amach trí na páirceanna ar bhóithre beaga tuaithe, agus iad sa tóir ar an rud nach bhfuil acu.

Fóir Orm!

Áine Uí Fhoghlú (Cló Iar-Chonnacht)

Costas: €8

ISBN: 9781784442286

Úrscéal: Scéal corraitheach eachtrúil a chíorann scéal an daonnaí ag iarracht a theacht slán ainneoin na n-ainneoin. Tá daltaí rang a sé ag dul ar thuras eitleáin ar saoire go hInis Mór mar chríoch lena dtréimhse bunscoile. Ina measc tá Eoin Ó Dálaigh, buachaill dhá bhliain déag d’aois, a chuireann an milleán air féin faoi bhás a athar. Séidtear an t-eitleán dá chúrsa i ndrochstoirm, agus caitear Eoin i dtír ar oileán tréigthe. Cén chaoi a mhairfidh sé? An dtiocfaidh sé slán? Scéal corraitheach, eachtrúil a chíorann scéal an daonnaí i gcoinne an nádúir.

* Bhuaigh an leabhar seo an chéad duais i gcomórtais liteartha an Oireachtais 2021, ficsean do dhéagóirí 13–15 bliain.

I Mo Chroí Istigh

Áine Ní Ghlinn (Cló Iar-Chonnacht)

Costas: €8

ISBN: 9781784442293

Úrscéal: Saothar ficsean eolaíochta láidir ina mbaintear casadh nuálach as ceisteanna thart ar intleacht shaorga. Cailín fíor-éirimiúil í Millí. Níl uaithi ach a bheith ina hinnealtóir róbataice agus a saol a chaitheamh ag obair lena hathair, Leo, chun croíthe, scamhóga agus próistéisí sintéiseacha de gach sórt a chruthú. Ach tá obair rúnda ar bun ag Leo ar intleacht shaorga. An bhféadfadh Millí agus a hathair róbat daonna a chruthú?

Taithí Oibre agus Triúr Amigos

Jo O’Donoghue (Cois Life)

Costas: €10

ISBN: 9781907494796

Úrscéal: Dhá úrscéal siamsúil bunaithe ar thriúr carachtairí, Eoin, Jeaic agus Ciara, agus iad ar thairseach na haosachta. Nuair a thagann an deis tréimhse a chaitheamh in Cádiz na Spáinne chun feabhas a chur ar a gcuid Spáinnise agus an saol a bhlaiseadh, as go brách leo. Comhluadar agus scléip, taithí teanga agus taithí ar shaol neamhspleách atá i ndán dóibh. Deirtear gur scéalach an té a bhíonn siúlach …

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.