A chara, – Tá sé go dona go dtiocfadh deireadh le foinse iontaofa nuachta ar bith, i dteanga ar bith, ach tá sé uafásach ar fad go dtiocfadh deireadh leis an t-aon nuachtán Gaeilge a bhí ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta gach seachtain. Fógraíodh Déardaoin go raibh deireadh le cur leis an sárnuachtán Gaeilge Foinse.
Má thagann deireadh le Foinse an deireadh seachtaine seo, beidh deireadh curtha le dhá nuachtán Ghaeilge laistigh de leathbhliain cheal airgead, Lá Nua, an nuachtán laethúil Gaeilge a bhí á fhoilsiú i mBéal Feirste, agus Foinse. Tá nuachtáin agus irisí Gaeilge ag brath ar dheontas ó Fhoras na Gaeilge le teacht slán. Ní raibh an t-airgead cuí ar fáil ón bhForas. Tuigeann gach duine go bhfuil airgead gann faoi láthair, ach i ngéarchéim dá leithéid, is gá tosaíochtaí bunúsacha a leagan amach.
Ó thaobh phobal labhartha agus léitheoireachta na Gaeilge de, ó thaobh phobal teanga ar bith, ceann de na tosaíochtaí is tábhachtaí agus is bunúsaí ná go mbeadh ár bhfoinsí nuachta féin againn, foinsí a thabharfaidh aird ar na scéalta atá tábhachtach dúinne mar phobal idir scéalta idirnáisiúnta, scéalta náisiúnta agus scéalta áitiúla; foinsí nuachta ina mbeidh anailís neamhspleách dár gcuid féin agus ár léargas féin ar nuacht na hÉireann agus an domhain; scáthán ar ár saol laethúil idir shiamsaíocht, chultúr agus ealaín.
Gan nuachtán as Gaeilge, beidh bearna ollmhór i meáin chumarsáide na Gaeilge agus i seirbhísí riachtanacha eolais do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Ní chreidim go bhfuil sé ródheireanach ag Foras na Gaeilge athmhachnamh a dhéanamh ar an gceist seo.
Is gá go mbeadh lón intinne ar fáil dúinn inár dteanga féin chun ár n-intinn a choinneáil beo agus dúshlán seachtainiúil, chomh maith le nuacht agus siamsaíocht, a chur ar fáil dúinn. Smaoinímis freisin ar an deichniúr foirne ar tugadh fógraí scoir dóibh inniu, foireann iriseoireachta sároilte a d’fhreastail go díograiseach agus go héifeachtach orainn ó 1996 i leith. – Is mise,