Census figures on Irish language

Madam, - De réir an daonáirimh is deireanaí tá Gaeilge ag 1

Madam, - De réir an daonáirimh is deireanaí tá Gaeilge ag 1.57 milliún duine i bPoblacht na hÉireann (The Irish Times 20ú Meitheamh). Is fíordheacair dul i muinín an fhigiúir seo.

Ciallaíonn sé go bhfuil Gaeilge ag níos mó ná daichead faoin gcéad den daonra, rud, mo léan géar, atá deacair a chreidiúint. Sílim féin nach bhfuil na ceisteannaí a chuirtear i dtaobh chumas Gaeilge cruinn go leor.

Fiafraítear de dhaoine, an bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt nó cé mhéad uair sa tseachtain a labhraíonn siad Gaeilge ach ba chóir iad a bheith ní ba chruinne fós. Mar shampla, an bhfuil tú in ann comhrá a dhéanamh, nó an bhfuil tú in ann foirmeacha a léamh as Gaeilge? Ba chóir, b'fhéidir ceist amháin a chur sa Ghaeilge féin.

Tá a fhios ag an tsaol mhór nach bhfuil san uimhir a luaigh mé ar dtús ach an méid daoine ar mhaith leo an Ghaeilge a bheith ar bharr a dteanga acu seachas an méid a bhfuil sí ar a theanga acu.

READ MORE

Is breá liom go bhfuil an méid seo daoine báúil don teanga go fóill, ach má tá sé i gceist eolas a bhailiú a bheadh ina chabhair dóibh siúd atá ag stiúradh polasaí teanga, ba chóir bheith cinnte go bhfuil cruinneas ag baint leis an eolas chéanna. - Is mise,

CIARÁN MacAONGHUSA, Nice, An Fhrainc.