Tionscadal galánta pobalbhunaithe is ea Ceiliúradh Coffee a bhfuil sé mar aidhm aige veain chaife a oscailt chun deiseanna oibre agus oiliúna a chur ar fáil do dhaoine óga i nGaillimh a bhfuil uathachas agus míchumais intleachta orthu.
Is iad Aoife Munro agus Lucy Byrne atá taobh thiar den tionscadal spreagúil seo, beirt bhan óga atá ag obair le daoine a bhfuil míchumais intleachta orthu le cúpla bliain anuas. Tá sé tábhachtach dóibh go gcuirfear scileanna margaíochta, airgeadais agus eagrúcháin ar fáil mar chuid den tionscadal chomh maith leis na scileanna chun caife a dhéanamh.

Ag caint liom an tseachtain seo, dúirt na mná go bhfuil siad “ag eagrú imeachtaí tiomsaithe airgid faoi láthair chun airgead a bhailiú don veain é féin. Ina dhiaidh sin, beidh muid ag iarraidh níos mó airgid a thiomsú chun suíomh buan a fháil”.
“Ba bhreá linn dá mbeadh áit cheart againn i nGaillimh le go mbeadh daoine le huathachas agus riachtanais speisialta in ann teacht chugainn, ní hamháin le bheith ag obair ach chun am a chaitheamh san áit chomh maith. Tá go leor tacaíochta faighte againn ón bpobal i nGaillimh agus tá daoine tar éis a bheith an-fhlaithiúil.”
READ MORE
Tá na hócáidí tiomsaithe airgid faoi lán seoil anois agus beidh seisiún ceoil agus dioscó ar siúl in Áras na nGael i gcroílár Chathair na Gaillimhe an Aoine bheag seo, an 5 Meitheamh. Cuirtear fáilte roimh cheoltóirí áitiúla páirt a ghlacadh sa seisiún agus tugtar cuireadh don phobal i gcoitinne teacht le sult a bhaint as an cheol agus giota beag Gaeilge a labhairt.
“Tá sé tábhachtach dúinn go mbíonn imeachtaí trí Ghaeilge againn toisc go bhfuil sé sin chomh tábhachtach sin do chultúr na Gaillimhe. Tá muid ag iarraidh go mbeidh cainteoirí dúchais agus daoine óga le Gaeilge in ann páirt a ghlacadh san fheachtas seo. Ba bhreá linn oibriú le Gaelscoileanna amach anseo freisin.”
Is féidir do thicéad a cheannach don ócáid seo (€15) tríd an nasc sa bhio @ceiliuradh.galway ar Instagram. Tá nasc chuig GoFundMe Ceiliúradh Coffee ar fáil ar an leathanach fosta.

Mí fágtha ag iriseoirí óga chun cur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais
Le fás na meán digiteach agus forbairt na bhfoilseachán Gaeilge, tá níos mó deiseanna ar fáil d’iriseoirí óga anois ná mar a bhí riamh roimhe. Beidh spotsolas ar leith á chaitheamh ar an iriseoireacht ag Comórtais Liteartha an Oireachtais i mbliana agus sraith comórtas agus duaiseanna iontacha ar fáil chun freastal ar an éileamh agus scríbhneoirí óga úra a spreagadh le dul i mbun pinn.
Tá go dtí an 1 Iúil ag scríbhneoirí cur isteach ar na comórtais seo: iriseoireacht do dhaltaí meánscoile (C4), iriseoireacht do mhic léinn tríú leibhéal (D2), iriseoireacht do dhaoine faoi 30 (A15) agus iriseoireacht (A14).
Is é an iris NÓS atá ag déanamh urraíocht ar an chomórtas d’iriseoirí faoi 30, agus ní hamháin go mbeidh duais airgid €500 ann, ach foilseofar saothar buacach an chomórtais ar shuíomh NÓS fosta. Tugann sé sin deis ar dóigh do scríbhneoirí óga a gcuid oibre a chur os comhair lucht léitheoireachta níos leithne.
Téigh chuig antoireachtas.ie le cur isteach ar na comórtais seo.

Réimse úr seodra ag Megan Forte Clarke & Lynott
Tá Love Island ar ais ar an teilifís agus tá réimse úr seodra ag réalta Love Island 2025 Megan Forte Clarke, i gcomhar leis an bhranda Éireannach Lynott Jewellery.
Píosaí seodra iontach feiceálach agus ildaite atá sa réimse nua seo agus is breá liom go bhfuil go leor píosaí Gaelacha mar chuid de. Is iad an bráisléad ildaite (€60) agus fáinne an Chladaigh ar a bhfuil seoid mhór ghlas sa lár (€55) na píosaí is ansa liomsa agus sílim go mbeadh siad go hálainn in aice na linne snámha an samhradh seo.
Tá an réimse iomlán ar fáil ag lynott-jewellery.com.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – McGrath
Is as Ráth Maoláin i gContae Dhún na nGall é Mick Russell, nó McGrath mar is fearr aithne air i saol an cheoil, agus tá sé ag tarraingt aird air féin go gasta mar dhuine de na réaltaí óga is mó a bhfuil gealladh faoi i gceol indie na hÉireann.
Thug McGrath faoin stáitse in éineacht le George Ezra agus The Feeling roimhe seo agus beidh sé le feiceáil ar an Great Oaks Stage ag BST Hyde Park, Londain, i mbliana agus é mar thacaíocht ag Garth Brooks.
Níl sé ach ag tús an aistir ar a bhealach in airde agus tá chéad singil McGrath, Rotha, mar chruthúnas air sin. Amhrán lán carachtair agus liricí tochtmhara atá ann agus tá ag éirí go geal leis ar na haerthonnta ó tháinig sé amach ag deireadh mhí Aibreáin.
Tá Rotha ar fáil ar na hardáin sruthaithe anois. Is féidir Mick Russell a leanstan ar na meáin shóisialta ag @mcgrathmcgrathmcgrath.












