“Chruthaigh an dianghlasáil spás agus am do dhaoine féinmhachnamh a dhéanamh agus céimeanna nua a ghlacadh i dtreo na healaíne in áit a bheith gafa san oifig óna naoi go dtí an cúig”

Is ceoltóir as Tír Chonaill í Catriona Ní Ghribín atá bunaithe i mBéal Feirste. Is ball den ghrúpa Huartan í, le Múlú agus Stiofán Ó Luachráin.

Huartan beo in Mandela Hall. Grianghraf: Claire Loughran
Huartan beo in Mandela Hall. Grianghraf: Claire Loughran

Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

Albam traidisiúnta le Martin Tourish agus Luke Ward, Clan Ranald.

Cén t-ealaíontóir beo is mó a bhfuil meas agat air?

Mo chara, Rose Connolly.

Huartan. Grianghraf: Claire Loughran
Huartan. Grianghraf: Claire Loughran

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí cruthaitheacha dúshlánacha a shárú?

Dul ar ais go Tír Chonaill. Am ciúin, ach fosta faighim go leor spreagadh óna bheith thart ar scaifte daoine, ag dul go féilte ceoil nó ag gig nó rave.

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén sórt tallainne cruthaithí ar bhreá leat a bheith agat/a fhiosrú?

Draíocht.

Cad é an t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

Catriona Ní Ghribín ar stáitse le Huartan. Grianghraf: Claire Loughran
Catriona Ní Ghribín ar stáitse le Huartan. Grianghraf: Claire Loughran

Duais Rónáin Mhic Aodha Bhuí a bhuaigh le Huartan ag Gradaim Nós in 2024, agus ag seinm Fairytale of New York leis na Pogues iad féin ar an ardán ag na Barrowlands in 2025, an chéad áit ar sheinn siad an t-amhrán beo ariamh sa bhliain 1987.

Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?

Dúirt duine liom go bhfuil mé ‘determined’. Agus d’fhan sin liom, so b’fheidir go bhfuil sé fíor.

Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?

PhD a thoiseacht!

Huartan.
Huartan.

Caithfidh tú cónaí i mbuncair faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith teilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?

An scannán Mean Girls, an tsraith teilifíse The Office, agus an leabhar A Hidden Ulster le Pádraigín Ní Uallacháin.

An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?

Caitlin Joe Jack mar dhuine a thug eitic oibre dom agus an méid sin deiseanna. D’fhoghlaim mé cuid mhór ceoil uaithi, agus rudaí eile fosta. Rud amháin a deir sí i gcónaí nuair a bhí muid ag cleachtadh amhráin, ná ag inse scéil - an t-amhrán a chanadh, ach níos mó ná sin an scéal a insint.

Amhrán na Réabhlóide.
Amhrán na Réabhlóide.

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Bhí mo thuistí i gcónaí ag éisteacht le ceoil na 80í - na Pogues, Joy Division - ach ní raibh mórán ceoil acu faraor. Is é An Chrannog an áit ar fhoghlaim mé mo chuid ceoil uilig agus áit a raibh mé go rialta, ag cleachtadh leis an bhuíon ceoil máirseála nuair a bhí mé iontach óg agus ag cleachtadh leis an ghrúpa An Crann Óg faoi stiúir Chaitlín nuair a bhí mé i mo dhéagóir. Tá sé cineál cosúil le dara baile dom. Bhí bailbhe roghnach/suímh (selective/situational mutism) orm nuair a bhí mé i mo chailín iontach óg, agus bhí an t-ádh orm go raibh an ceol ina bhealach dom agus ina rud dearfach ar dhírigh mé isteach air.

Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?

Ceol, ealaíon - rinne muid cuid mhór rudaí lenár samhlaíocht amuigh faoin aer.

Huartan. Grianghraf: Claire Loughran
Huartan. Grianghraf: Claire Loughran

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?

Féile na Gealaí 2019.

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, ar léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?

Choimhéad mé an scannán AKIRA, scannán lámhlínithe den scoth.

Huartan. Grianghraf: Sean McMahon
Huartan. Grianghraf: Sean McMahon

Cad iad na hionaid, gailearaithe, nó pictiúrlanna is fearr leat?

Amharclann Ghaoth Dobhair.

Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?

Tá sé ar mire an méid aisteoirí agus ceoltóirí Éireannacha atá ag déanamh rudaí ar chaighdeán domhanda faoi láthair. Daoine dian dícheallach a bhíonn ann de ghnáth. Caithfidh sé go bhfuil sé mar gheall ar an Dianghlásáil ar dhóigh éigin fosta. Chruthaigh sé sin spás agus am do dhaoine féinmhachnamh a dhéanamh agus b’fhéidir céimeanna nua a ghlacadh i dtreo na healaíne in áit a bheith gafa san oifig nó cibé áit óna naoi go dtí an cúig.

Cad é an míthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?

Go bhfuil dúil agam a bheith ag taisteal, ag tiomáint, ag eitilt srl.

Huartan
Huartan

Cén cineál áite a spreagann tú?

Is cuma faoin áit fhisiciúil, tagann smaointí cruthaitheacha go randamach. Ach, an chuid is mó den am, bíonn smaointe móra agam nuair atá mé ag seinm ag seisiún ceoil, agus bíonn am agam smaointeamh ‘fhad is atá mé ag seinm agus séimh.

Cad iad do thuairimí faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?

Sílim go bhfuil sé ag tarlúint mar gheall go bhfuil spás leagtha amach don Ghaeilge anois in earnáil an nua-cheoil, chan ceol traidisiúnta amháin, mar gheall ar dhaoine cosúil le Rónán leis an Chabaret Craiceáilte, Máire Brennan le Club Beo, ar dheis De go raibh a n-anamacha.

Cad é do mhana/motto/slogan?

I mBéarla ar an drochuair: Making the piano accordion cool again.

Una Mullally

Una Mullally

Una Mullally, a contributor to The Irish Times, writes a weekly opinion column