Saibhreas an tsolais

BEOCHEIST: TÁIMID ag druidim anois le hAimsir na Cásca, tráth den bhliain ina dtugtar tús áite do choincheap an tsolais. Nuair…

BEOCHEIST:TÁIMID ag druidim anois le hAimsir na Cásca, tráth den bhliain ina dtugtar tús áite do choincheap an tsolais. Nuair a bheidh tréimhse dhorcha an Charghais imithe, tiocfaidh an solas. Is siombail í Coinneal na Cásca don solas sin. Lastar sna seirbhísí ar fad í le linn na Cásca. Seasann sí do Chríost agus don solas a chuireann sé i gcroíthe na gCríostaithe.

Tugann Críost deis don Chríostaí é/í féin a athnuachan ag an am seo den bhliain agus an saol a leanúint faoi anáil shíocháin agus chumhacht na spioradáltachta. Is minic a chloistear gurb as an dorchadas a thagann an gile agus níl aon uair sa bhliain ina bhfuil an frása sin níos ábharaí ná ag Aimsir na Cásca.

Cé gur le réimse an chreidimh a bhaineann coincheap an tsolais go príomha ag an tráth seo den bhliain, feictear dom gur féidir tábhacht an choincheapa chéanna a leathnú amach don saol ginearálta freisin. Sa chomhthéacs seo, ní sheasann an solas do Chríost ach do dhóchas an tsaoil i gcoitinne.

Nuair a thagann Aimsir na Cásca ag an taobh seo den domhan bíonn laethanta dorcha fuara an gheimhridh imithe agus bíonn na laethanta ag dul i bhfad, lá i ndiaidh lae. Splanc dhóchais dúinn go léir is ea é seo. Is rud é ar féidir linn a bheith cinnte faoi i ndomhan atá lán de neamhchinnteacht. Ní beag an tábhacht a bhaineann leis seo, dar liom.

READ MORE

Is iomaí rud sa saol seo nach féidir linn a bheith cinnte faoi. Cé gur mhaith linn a cheapadh go bhfuilimid i gceannas den chuid is mó ar ár saol féin, ní fíor sin ach go pointe. Is baolach nach féidir le haon duine nádúr inathraithe na beatha a smachtú. Ach bíodh agus go bhfuil scáth na neamhchinnteachta os ár gcionn i gcónaí, tá iontaofacht faoi leith ag baint le hord na séasúr.

Tá a fhios againn go dtiocfaidh an t-earrach i ndiaidh an gheimhridh agus go dtiocfaidh an samhradh i ndiaidh an earraigh. I mbeagán focal, tá a fhios againn go dtiocfaidh an solas. Tá mar a bheadh na séasúir ag feidhmiú mar struchtúr cinnte timpeall ar nádúr neamhchinnte na beatha.

Is minic a bhíonn na séasúir mar ábhar cainte ag daoine agus b’fhéidir go bhféadfaí a áiteamh go bhfreagraíonn sé seo don iontaofacht agus don leanúnachas a theastaíonn ó dhaoine sa saol.

Déanaimid an saol a mhúnlú timpeall ar struchtúr na séasúr. Nach minic a chloiseann tú daoine ag rá sa gheimhreadh go bhfuil siad ag súil go mór le gile an earraigh agus rian an fháis a fheiscint, agus ansin san earrach, gur fada leo laethanta fada an tsamhraidh nuair is féidir leo fanacht amuigh go déanach san oíche. Cuirtear struchtúr ar ár saol, mar sin, i ngan fhios dúinn féin agus is é is dóichí go mbeadh an saol ina chíor thuathail gan an struchtúr seo.

Anuas ar an gcinnteacht a bhaineann le solas an earraigh agus an tsamhraidh, measaim go spreagtar solas meafarach ionainn chomh maith ag an tráth seo den bhliain. Nuair a thagann laethanta an earraigh agus an tsamhraidh gach bliain, an spreagtar aon mhothúcháin, ionchais nó cuimhní ar leith ionat? Tá a fhios agam i mo chás-sa gur ábhar mór dóchais agus athnuachana domsa é gile agus áilleacht an earraigh.

Spreagann forbairt an nádúir mé chun mé féin a fhorbairt freisin. Tá mar a bheadh mo shaol féin agus saol an nádúir fite fuaite le chéile díreach mar a léiríonn Michael Hartnett in Dán do Lara nuair a deir sé go bhfuil “scata nóiníní ag súgradh” lena iníon agus “scata coiníní ag damhsa” léi. Aon cheiliúradh amháin atá ann idir domhan an nádúir agus an domhan daonna. Rud éigin eile a bhuaileann mé i gcónaí ag an tráth seo den bhliain ná cumhacht chuimhní na hóige. D’fhéadfá a rá go seasann na dea-chuimhní atá againn do sholas an ama atá thart.

Labhraíonn Marcel Proust ina shaothar À La Recherche du Temps Perdu faoin tslí a múnlaíonn cuimhní an duine. Is fíor sin, dar liom. Nuair a thagann an t-earrach, is iad na rudaí céanna a smaoiním siar orthu i gcónaí. Smaoiním ar mo mháthair agus í ag piocadh lusanna an chromchinn sa ghairdín, ar nead na bhfáinleog ar chúl an tí, ar thurais fhada sa charr tráthnóna Dé Domhnaigh agus ar iontas na gcluichí iománaíochta a bheidh le teacht i rith an tsamhraidh.

Is ionann na gnáthrudaí seo agus solas an tsaoil domsa. Tá gile an ghnáthshaoil timpeall orainn ar fad. Ní mór ordú Patrick Kavanagh a leanúint “wallow in the habitual, the banal”.

Is maith an rud é céim siar a thógaint uaireanta ó ábharachas an tsaoil chun machnamh a dhéanamh ar an saibhreas atá timpeall orainn.

Lastar soilse difriúla ionainn ar fad. An áit a bhfuil solas ann, tá dóchas ann. Is am tráthúil é Aimsir na Cásca chun an solas sin a ligean isteach inár saol. Níl le déanamh ach ár gcroíthe, ár n-intinn agus ár súile a oscailt.