TUARASCÁIL:NÍL AON chuimhne agam ar m'athair mar a bhíodh sé. Bhíos ana-óg nuair a tharla an Cogadh-Trí-Mhí agus níor chuireas aon aithne ar an duine a gcuireann Mam síos air: fear gealgháireach lách, fear a deireadh amhrán déanach i dTigh Dan'l ar an mBuailtín, fear ar thaitin a dhea-iúmar le fearaibh agus le mná agus le leanaí.
Níorbh é sin mo Dhaid-se agus mise ag fás aníos, níorbh ea in ao’chor. Bhíodh sórt náire orm ina thaobh. Ba dheacair cur síos air, mar bhí sé ait, ana-ait. Dúr agus fuar a mbíodh sé an chuid is mó den am. Dá ndéanfadh sé corrgháire, is faoi rud éigin ná chuirfeadh gáire ar éinne eile. Gáire sort buile, gáire geilt a dheineadh sé. Ach ní go minic.
B’é ba mheasa liom ar fad ná a mhúscailt lár-oíche. An scréachach uaidh, shiocfadh sé an fhuil id’chuisleana. Deireadh Mam nach raibh aon dul ós na cuimhní ná na taidhrimh aige. Is dócha gur fearr a thuig sí siúd sin agus í in aon leaba leis.
Bhíodh náire orm sna déaga ach go háirithe. Gan dabht, ní raibh aon tuiscint agam ar an gCogadh ag an am. Níor múineadh mar ábhar meánscoile é. Róghairid don gcnámh, is dócha.
Bhí orm dul á lorg nuair a tháinig ann dom, agus deis agam sa leabharlann in UCC. Bhí an scéal ar fad ar fáil ansin sna seana-nuachtáin agus sa chartlann telifíseach, idir thaifid nuachta agus thuairiscí beo ó na láithreacha catha.
Ana-chuid scéalta uafáis, eachtraí barbarthachta agus cine-dheighilte. Tá sé dochreidte go ndein daoine, go ndein comharsana a leithéid de stuif ghránna lena chéile...
Agus is deacra fós creidiúint gur fhás cogadh chomh dearg as ceist na limistéar, as línte d’athrú ar léarscáil oifigiúil. Na ‘Limistéir Ghaeltachta’: seana-bhlas air mar théarma, nach bhfuil, nóisean nach dtuigfeadh an t-aos óg in ao’chor.
Ach féach gur maraíodh na céadta, ní hea ach na mílte, de bharr gur foilsíodh plean chun na limistéir sin d’athlíneáil. Lastigh nó Lasmuigh = Bás nó Beatha. Dochreidte.
Deir Mam go mbíodh nimh ann riamh idir muintir an Daingin (muintir an bhaile, abair) agus na treabhanna máguaird. Éirí-in-airde ar an ndá thaobh, ar chúiseanna difriúla. Agus nuair a tháinig sé i gceist go gcaillfeadh mórchuid daoine mórchuid airgid (na ‘deontaisí’ a thugtaí orthu), do phléasc an seana-nimh is an seana-ghoimh ina liútar-éatar láithreach.
Dódh cúpla siopa sa Daingean. Dódh cúpla pub thiar. Tugadh batráil do sheana-leaid ar a shlí amach as siopa. Caitheadh clocha idir dhá dhream déagóirí i gclós an choláiste. Ba bheag iad mar eachtraí i gcomparáid lenar tháinig ina ndiaidh...
D’fhéadfá a rá gur cuireadh tús i gceart leis an gCogadh i mBaile an Mhuilinn, an lá gur leagadh an droichead. Bhailigh an dá thaobh ar an láthair. Tharla bruíon. Scaoileadh urchair agus maraíodh cúigear.
Ba leor sin le go mbeadh tit-for-tat á lorg – cúigear i bhFionntrá, teaghlach iomlán i mBaile an tSagairt, dódh an mart i mBaile an Phléimeanaigh agus, dá bharr sin b’fhéidir, dódh Séipéal na Carraige le linn Aifreann a haon déag.
Sea, bhí an liosta ag dul i méid, fir óga ag tabhairt na sléibhte orthu féin nó ag liostáil le Briogáid an Daingin, scabhtaeirí ag landáil isteach ó Ghaeltachtaí agus ó Ghalltachtaí eile, sagart anseo is ansiúd ag éileamh síochána ach cé a d’éisteodh le cúpla seana-leaid.
BHÍ AN Cogadh-Trí-Mhí faoi lán seoil, nó ina leathstad ó thaobh na mórchathlann de. Chaitheadar go leor ama ag iarraidh a chéile a ghríosú chun botúin.
Agus níor bhac na nuachtáin náisiúnta mórán leis go dtí gur deineadh an t-ár ar an gClasach, ar an mbóithrín caol sin a ghabhann thar chnoc amach ó Dhún Chaoin. ‘An t-Ár ar an gClasach’ – nach fuirist é a rá!
Deacair a shamhlú conas mar a bhí acu an oíche sin – mná Dhún Chaoin, mo ghraidhin iad, ag iarraidh éalú ó na dóiteáin thiar nó gur thángthas orthu timpeall a trí a chlog ar maidin.
Deirtear gur héileacaptar a d’aimsigh iad. Scaipeadar chomh maith is ab fhéidir leo ach ba dheacair éalú ón dtóirsholas anuas, ó na meaisínghunnaí, ó na gránáidí. Níor fágadh ina mbeatha ach beirt. Beirt, sin an méid, as an 20 a d’fhág baile ag meán oíche.
Ba ghránna an mhaise don dream a dhein, ach ba mheasa fós an díoltas a baineadh.
Cén fáth gur tugadh faoi na leanaí?
Ní raibh aon tuiscint ag leanaí an Daingin ar cad a bhí déanta ag a n-aithreacha ná ag a gcuid uncal. B’iad lucht na Croise Deirge a bhí ag iarraidh iad a tharrtháil, iad a thabhairt amach go Trá Lí go dtí na campaí dídine. Ba bhocht an tslí a roghnaigh siad – aníos an Chonair i lár an lae ghil, cúpla iriseoir ó RTÉ ina dteannta.
Cheapadar go mbéarfadh siad-san cosaint don trí scór fichead páiste. Ach bhíothas ag faire orthu ó bharr na mbeann, ábhar pléasctha soncáilte sna creaga agus i bpíobáin faoin mbóthar.
Níor ghá ach fanacht go mbainfeadh an scata dearóil barr an Pass amach agus siúl ar aghaidh go dtí an chéad chasadh eile, iad lámh ar lámh, cuid acu ag canadh, na créatúir, agus ... BÚM ... thit na carraigeacha anuas orthu, réabadh an casán fúthu agus scaipeadh a gcorpanna beaga briste ina gconablaigh ar fud an ghleanna.
Níor leor sin, gan dabht. Bhí ina ainriail anois, beag beann ar aon Geneva Convention. D’úsáid na nuachtáin Bhéarla na focail mhóra sin acu – ethnic cleansing, genocide, humanitarian disaster, world leaders call for restraint!
Ach níor chuir sin aon stop leis an murdar Duibhneach. Bhí an leathinis iomlán anois ina láthair mharaithe ag na fearaibh fiáine.
B’í an chadhp mhullaigh ná an gníomh gránna a deineadh i bPáirc an Ásaigh sa Daingean, gan leithscéal ná trócaire. Céad is a trí phríosúnach, a lámha ceangailte, ba bhocht an bás acu é, ‘gan sagart ná ministéar’ mar a deireadh an t-amhrán.
Tuigeadh faoi dheireadh go raibh an t-aighneas beag áitiúil imithe ó smacht. Scaoileadh an tArm Náisiúnta isteach faoi dheireadh thiar, a gclogaid ghorma orthu agus gach éinne thiar ag gearán láithreach go rabhadar ag tacú leis an dtaobh mhícheart.
Bhí na Trí Mhí thart. Síocháin bhacach, déarfá, ach do sheas sé. Agus de réir a chéile deineadh dearmad ar an gconspóid ba thús leis. Nó b’fhéidir nach raibh aon bhrí leis níos mó. Mar a déarfadh cleas óg an lae inniu: “What ‘Gaeltacht’, a bhuachaill?”
Níor phléigh mo Dhaid riamh liom é. Ach tuigim go raibh sé sáite go binbeach ann.
Dúirt Mam go mb’fhearr nach gcuirfinn ceist dá laghad air, gur fearr gan seana-ghoin a athoscailt. Níor dheineas iarracht ach uair amháin.
Lá breá gréine, agus Daid suite lasmuigh ag stánadh soir ar Dhún an Óir, chuireas ceist chiúin air.
D’fhan sé ina thost tamall. Ansin, dúirt sé: “Deineadh rudaí uafásacha ar an ndá thaobh. Deineadh, mhuis’...”
B’in an méid a chuala riamh uaidh. Daid bocht.
ainriail anarchy – bacach imperfect – cartlann archives – cosaint defence – deis opportunity – deontas grant – fiáin wild – goin wound – gortghlanadh clearance (of field) – iarracht attempt – léarscáil map – limistéar territory – náire shame – náisiúnta national – nimh poison – tuairisc report – uafásach terrible